:: wikimiki.org ::
| Eoraip |
EoraipIs ilchríoch í an Eoraip, leis na teorainn seo a leanas aici: an tAigéan Atlantach thiar, an tAigéan Artach ar an taobh thuaidh, an Úral agus Sléibhte na hÚraile thoir, Sléibhte na Cugaise agus an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir theas, agus an Mheánmhuir ó dheas. Agus an Áise á thógáil san áireamh freisin, is féidir an t-oll-ilchríoch an Eoráise a aithint.
an Eoráise
Tá cónaí ar 729,000,000 duine san Eorap, agus tá 44 tír neamhspleách ann. Ó mí Bealtaine 2004 ar aghaidh, tá 25 acusan cheana féin san Aontas Eorpach, agus ar a laghad trí gcinn ag brath ar dhul isteach i mbeagán blianta. Déanann institiúid an Aontais a ngnó i 20 teanga, ach tá go leor mionteangacha eile cheana féin san Aontas.
Ba san Eoraip a thosaigh cuid de mhórimpreachtaí an domhain. Leath cumhacht na Gréige, agus na Róimhe ina diaidh, ar fud cuid mhór den Eoraip, maraon le tuaisceart na hAfraice agus iarthar na hÁise. Ón gcéad aistear a rinne Criostóir Colambas chun an domhain nua don Spáinn, thóg an tír sin agus tíortha nach é seilbh de réir a chéile ar Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas. Thóg tíortha eile ar nós na Breataine, na Portaingéile, na nÍsiltír, na Gearmáine agus na Beilge seilbh freisin ar chuid mhór desna na mór-roinne eile. Leath an Rúis ó Mhoscú siar go dtí an Muir Bhailt, soir chomh fada leis an Aigéin Ciúin, agus ó dheas go dtí an Mhuir Dhubh, Sléibhte na Cugaise, agus an Mhongóil. Ní ach ag deireadh an 19ú aois ar aghaidh go dtí lár an 20ú aois a fuair mórán de choilíneachtaí na hEorpa a saoirse arís, cé go bhfuair cuid mhór de Thuaisceart Mheiriceá (Stáit Aontaithe Mheiriceá) a saoirse i 1775. Tá cumhacht airgeadach agus míleata ag an Eoraip i gcúrsaí an domhain, ach is beag é le hais chumhacht SAM nó, go dtí 1989, cumhacht an Aontais Shóibhéidigh. Ach le búnú an Chómhargaidh Eorpaigh, agus a chomharba an tAontas Eorpach, ceapann go leor go dtiocfaidh neart ghéilleagrach agus míleata arís chun na hEorpa, mar gur mó anois é a dhaonra ná daonra SAM nó an Aontais Shóibhéidigh mar a bhí, nó an Rúis an lae inniu.
Liosta tíortha Eorpacha
Is san Eoraip atá na tíortha seo leanas:
- An Albáin
- Andóra
- An Bheilg (ball den AE)
- An Bhealarúis
- An Bhoisnia-Heirseagaivéin
- An Bhulgáir
- An Chipir (ball den AE)
- An Chróit
- An Danmhairg (ball den AE)
- An Eastóin (ball den AE)
- An Eilvéis
- Éire (Poblacht) (ball den AE)
- An Fhionlainn (ball den AE)
- An Fhrainc (ball den AE)
- An Ghearmáin (ball den AE)
- An Ghréig (ball den AE)
- An Iodáil (ball den AE)
- An Iorua
- An Íoslainn
- An Ísiltír (ball den AE)
- An Laitvia (ball den AE)
- An Lichtinstéin
- An Liotuáin (ball den AE)
- Lucsamburg (ball den AE)
- Málta (ball den AE)
- An Mhacadóin
- An Mholdóiv
- Monacó
- An Ostair (ball den AE)
- An Pholainn (ball den AE)
- An Phortaingéil (ball den AE)
- An Ríocht Aontaithe (ball den AE)
- An Rómáin
- An Rúis
- San Mairíne
- An Spáinn (ball den AE)
- Poblacht na Seice (ball den AE)
- An tSeirbia agus Montainéagró
- An tSlóivéin (ball den AE)
- an tSlóvaic (ball den AE)
- An tSualainn (ball den AE)
- An Úcráin
- An Ungáir (ball den AE)
- An Vatacáin
Féach freisin ar
- Stair na hEorpa
- an tAontas Eorpach
Eoraip, An
als:Europa
ja:ヨーロッパ
ko:유럽
ms:Eropah
roa-rup:Evropa
simple:Europe
th:ทวีปยุโรป
zh-min-nan:Europa
IlchríochSéard atá i mór-roinn (nó ilchríoch) ná cuid ollmhór leanúnach den domhan. Níl aon liosta cinnte de na mór-ranna, de bhrí nach n-aontaíonn gach saineolaí le gach sainiú. De réir córais difriúla, is féidir a rá go bhfuil ceithre, cúig, sé nó seacht ilchríocha ann.
Má deirtear go bhfuil seacht mór-ranna ann, seo é an liosta:
- an Afraic
- an Áise
- an Antartaice
- an Astraláise (an Aigéine)
- an Eoraip
- Meiriceá Theas
- Meiriceá Thuaidh
-
Rang:Tíreolaíocht
ja:大陸
minnan:Tāi-lio̍k
simple:Continent
An ÁiseIs í An Áise an cuid lárúil agus oiriúl don mór-roinn Eoráise, sainítear í le baineadh as an leithinis Eorpach. Go geolaíoch agus go tíriúil, ní mór-roinn nó fo-mhórroinn í an Áise.
Sainítear na teorainní beachta go doiléireach, go háirithe idir an Áise agus an Eoraip. Idir an Áise agus an Afraic, is í an caol talún Suez an theorainn. Idir an Áise agus an Eoraip, ritheann an theorainn cois na Dardenelle, na mara Marmara, an Bhosphorus, na mara Duibhe, na droime an Caucasus(de réir daoine eile, tríd an ísliú Kuma-Manych), na mara Caspian, na mara Ural (de réir daoine eile, na mara Emba) agus na sléibhte Ural go dtí Novaya Zemlya. Tá thart ar 60 faoin gcéad den daonra an domhain ina gcónaí san Áise.
San Áise mar scairt poilitiúl, is éard atá ann ná an chúid sin den Eoráise agus na oileáin aiceanta san Aigéan India agus an Chiúin-Aigéan, in a lán cásanna seachais an Rúis.
Aise, An
ja:アジア
ko:아시아
ms:Asia
simple:Asia
th:ทวีปเอเชีย
zh-min-nan:A-chiu
Bealtaine
Is í Bealtaine an cúigiú mí den bhliain.
Tá eolas faoin bhféile ar 1 Bealtaine faoin alt Lá Bealtaine.
Rang:Míonna
ja:5月
ko:5월
ms:Mei
simple:May
th:พฤษภาคม
An tAontas Eorpach
Is eagraíocht idirnáisiúnta de stáit san Eoraip é an tAontas Eorpach (AE). Thosaigh sé mar an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach le 6 bhall, agus ina dhiaidh sin lean na hainmneacha Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, "an Comhmhargadh" (neamhoifigiúil), agus Comhphobal Eorpach a chéile go dtí gur tugadh an "Aontas Eorpach" ar an aontas ar deireadh. Tá daonra timpeal is 457 milliún agie (2005). Is é Aontaithe d'ainneoin na héagsúlachta a mhana.
Tá cúig thír is fiche san Aontas Eorpach. I mí na Bealtaine 2004, tháinig deich dtír bhreise isteach leis na cúig cinn déag a bhí ann roimhe sin.
Tá 12 des na tíortha a bhí ann go dtí sin cheana féin i gcríoch an eoró, agus ceaptar go dtiocfaidh an chuid is mó des na nua-bhaill isteach chomh luath agus is féidir leo.
Stair
I 1952, bhunaigh an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach. D'éirigh sé sin an Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (níos déanaí, an Comhphobal Eorpach).
An Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta i 1973. Tháinig an Ghréig isteach i 1980 agus an Spáinn agus an Phortaingéil i 1981.
Thosaigh an tAontas Eorpach é féin i 1993. Chuaigh an Fhionlainn, an Ostair agus an tSualann sna ballstáit i 1995. Tháinig an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Phoblacht Sheiceach, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Ungáir isteach i 2004.
Sa bhliain 2004, shéan cinn stáit an Aontais Bunreacht na hEorpa ach caithfidh sé a daingnigh le na ballstáit.
Na ballstáit
Is íad na ballstáit faoi lathair ná:
críoch an eoró
- An Bheilg
- An Chipir
- An Danmhairg
- An Eastóin
- Éire
- An Fhionlainn
- An Fhrainc
- An Ghearmáin
- An Ghréig
- An Iodáil
- An Ísiltír
- An Laitvia
- An Liotuáin
- Lucsamburg
- Málta
- An Ostair
- An Phoblacht Sheiceach
- An Pholainn
- An Phortaingéil
- An Ríocht Aontaithe
- An tSlóivéin
- An tSlóvaic
- An Spáinn
- An tSualainn
- An Ungáir
Méadú
Sa bhliain 2007, beidh an Rómáin agus An Bhulgáir ina mball, má chomhlíonann siad roinnt riachtanachtaí eacnamaíochta. Tá an Chróit agus an Tuirc ag cur isteach ar bhallraíocht freisin. Tá iarratas na Cróite á chur ar gcúl faoi láthair. Tá a lán ball den Aontas ag cur in aghaidh teacht isteach na Tuirce san AE.
Naisc sheachtracha
- [http://euabc.com EUABC]
- [http://euobserver.com EUobserver] (i mBéarla)
Aontas Eorpach
ja:欧州連合
ko:유럽 연합
ms:Kesatuan Eropah
simple:European Union
th:สหภาพยุโรป
zh-min-nan:Europa Liân-bêng
An RóimhIs é An Róimh príomhchathair na hIodáile. Is ann atá cónaí ar an bPápa (i gCathair na Vatacáine). Tá 2,546,807 duine in a gcónaí i Róimh (daonáireamh 2004).
Róimh, An
als:Rom
ja:ローマ
ko:로마
simple:Rome
An AfraicIs ilchríoch mhór an Afraic. Is í an dara ilchríoch is mó sa domhan, tar éis An Áise. Is í 30,244,050 km2 (11,677,240 mi2), a oileáin san áireamh. Clúdaíonn sí 20.3 faoin gcéad den achar iomlán an domhain. Tá 805 miliún daoine agus 54 tír ann. Is í thart ar seachtú daonra an domhain.
Tíortha
- an Aetóip
- an Afraic Theas
- an Ailgéir
- Angóla
- Beinin
- an Bhotsuáin
- an Bhurúin
- Buircíne Fasó
- Camarún
- an Chéinia
- An Cósta Eabhair
- Diobúití
- an Éigipt
- An Eiritré
- Gána
- an Ghabúin
- an Ghaimbia
- an Ghuine
- an Ghuine Mheánchriosach
- Guine Bhissau
- Leosóta
- an Libéir
- an Libia
- Madagascar
- Mailí
- Maracó
- an Mhaláiv
- an Mháratáin
- Mósaimbíc
- an Namaib
- an Nigéir
- an Nígir
- Oileán Mhuirís
- Poblacht an Chongó
- Poblacht Dhaonlathach an Chongó
- Poblacht na hAfraice Láir
- Ruanda
- an tSaimbia
- Sao Tomé agus Princíp
- Sead
- an tSeineagáil
- na Séiséil
- Siarra Leon
- an tSiombáib
- an tSomáil
- an tSuasalainn
- an tSúdáin
- an Tansáin
- Tóga
- an Túnéis
- Uganda
Afraic, An
-
ja:アフリカ
ko:아프리카
ms:Afrika
simple:Africa
th:ทวีปแอฟริกา
zh-min-nan:Hui-chiu
Criostóir ColambasBa loingseoir agus taiscéalaí Iodálach é Criostóir Colambas nó Cristoforo Colombo as Iodáilis (Genova [?] 25 Lúnasa nó 31 Deireadh Fómhair 1451 - Valladolid, An Spáinn, 20 Bealtaine 1506). Nílimid cinnte faoina áit bhreithe nó an dáta. Tá clú bainte amach aige mar gheall ar a thuras trasna an Aigéin Atlantaigh sna longa la Niña, la Pinta agus la Santa Maria i 1492, ar thóir bealach nua go dtí an t-Oirthear.
ja:コロンブス
ko:크리스토퍼 콜럼버스
ms:Christopher Columbus
simple:Christopher Columbus
th:คริสตอเฟอร์ โคลัมบัส
Meiriceá ThuaidhIs mór-roinn é Meiriceá Thuaidh, sa leath-domhain thuaidh, idir Aigéin an Atlantaigh Thuaidh agus an Aigéan Ciúin.
Tíortha i Meiriceá Thuaidh
- Antigua agus Barbúda
- Na Bahámaí
- Barbadós
- An Bheilís
- Ceanada
- Cósta Ríce
- Cúba
- Doiminice
- An Ghraonlainn
- Grenada
- Guatamala
- Haití
- Hondúras
- Iamáice
- Meicsiceo
- Nicearagua
- Oileán na Tríonóide agus Tobága
- Panama
- An Phoblacht Dhoiminiceach
- An tSalvadóir
- San Críostóir Nimheas
- San Lúicia
- San Uinseann agus na Grenadíní
- Stáit Aontaithe Mheiriceá
Rang:Mór-ranna
ja:北アメリカ
simple:North America
th:ทวีปอเมริกาเหนือ
zh-min-nan:Pak Bí-chiu
Meiriceá TheasCeann de chúig mór-roinne an domhain é Meiriceá Theas.
Tíortha Mheiriceá Theas
- an Airgintín
- an Bholaiv
- an Bhrasaíl
- an Cholóim
- Eacuadór
- an Ghuáin
- Guáin na Fraince
- Paragua
- Peiriú
- an tSile
- Suranam
- Uragua
- Veiniséala
Rang:Mór-ranna
zh-min-nan:Lâm Bí-chiu
ko:남아메리카
ja:南アメリカ
simple:South America
th:ทวีปอเมริกาใต้
An BhreatainTá cúpla ciall ag an Bhreatain (Breatain, ainmfhocal bain.). Tagann sé ón bhfocal "Prydain" sa Bhreatnais, a chiallaíonn an t-oileán ar a bhfuil Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain. Labhraítaí foirm den Bhreatnais ar an gcuid is mó d'oileán na Breataine roimh theacht na Rómhánach, agus ina ndiaidh na hAngail agus na Sacsain.
Inniu, úsáidtear an téarma an Bhreatain Mhór le tagairt don oileán ar fad, agus "an Bhreatain Bheag" le tagairt don chuid sin den oileán san iarthar inar fhan cuid mhaith de theanga agus de chultúr na mBreatnach (Prydain), ar de bhunús Ceilteach iad. De ghnáth, ní bhaineann an focal "Breatnach" ach leis an Bhreatain Bheag. Ach ba in aimsear na banríona Victeoiria a tháinig úsáid an téarma "Great Britain" i mBéarla, nó "an Bhreatain Mhór", ar ais in úsáid. Aithris a bhí ann ar nós na bhFrancach 'Grande-Bretagne' a thabhairt ar an ríocht lena hidirdhealú ón mBriotáin ('Bretagne'). Uaidh sin, cuireadh an téarma in úsáid, freisin, le tagairt d'Impireacht na Breataine agus do Chomhlathas na Náisiún. Tugann saoránaigh na Ríochta Aontaithe "British" orthu féin, fiú cuid acu i dTuaisceart Éireann, ach ó theideal iomlán na ríochta, "Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann", ní chlúdaíonn an ainm "Briotanach" muintir Thuaisceart Éireann.
Bhreatain
simple:Britain
An Phortaingéil
Is poblacht daonlathach í an Phoblacht Phortaingéalach (Portaingéilis: República Portuguesa) suite in iardheisceart na hEorpa.
zh-min-nan:Portugal
ko:포르투갈
ms:Portugal
ja:ポルトガル
simple:Portugal
th:สาธารณรัฐโปรตุเกส
An GhearmáinTír mór i lár na hEorpa í Poblacht Chomhnasctha na Gearmáine le daonra thart ar 82 milliún. Is ball ar an Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, leis an mBeilg, le Lucsamburg, leis an bhFrainc, leis an Ostair, leis an bPoblacht Seiceach, leis an bPolainn agus leis an Eilvéis. Is í Beirlin an príomhchathair. Tá 3.4 milliún daoine ina gcónaí ann.
Stair
Tar éis ré na Naitsithe agus An Dara Cogadh Domhanda, roinneadh an tír i gceithre rann le riarú ag cumhachtaí na gComhghuallaithe. Cuireadh na roinn a bhí faoin bhFrainc, faoin mBreatain, agus faoi Stáit Aontaithe Mheiriceá le chéile chun Poblacht Chomhnasctha na Gearmáine a cheapadh, ach d´fhan an roinn a bhí faoin Aontas Sóibhéadach ina tír cumannach, faoi chumhacht na Rúise, go dtí gur thit an chumannachas sa Rúis agus ar fud na hEorpa. Leagadh Balla Bheirlín ("die Wende" as Gearmáinis) agus an teorainn idir an roinn a bhí sa Ghearmáin, agus aontaíodh an tír go hoifigiúil i 1990. Aistríodh príomhchathair na tír ó Bhonn go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine, mar a tugtaí ar ar gcuid thoir den tír a bhí faoin gcumannachas, leis an 63 milliún a bhí i bPoblacht Chomhnasctha na Gearmáine, mar a tugtaí ar iarthar na Gearmáine, bhí Ghearmáin níos mó agus níos cumhachtaí arís san Eoraip, rud a chur scanradh ar chuid mhaith dá comharsain a d´fhulaing i ré na Naitsithe agus sa Dara Chogadh Domhanda.
Bhí Iarthar na Gearmáine cheana féin san Aontas Eorpach, tar éis di bheith cheana féin sa Chómhargadh Eorpach ó na 1960í, agus chuaigh an daonra a bhí in oirthear na tíre isteach san Aontas sin. Ach bhí difríochtaí móra idir dhá chuid na tíre le sárú. Tháinig méadú mór ar chostasaí an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud a leanann go dtí an lá inniu, agus tá ar rialtas na Gearmáine laghdaithe móra a dhéanamh ar a costasaí sóisialta, m.sh., fiú go mbaineann an Seansailéar, Gerhard Schröder, leis an SPD, an príomhpháirtí ar an eite chlé ó 1945 ar aghaidh. I 2005 bhuaigh Angela Merkel ón CDU ólltógchán agus chuaigh siad isteach rialtas leis an CSU agus leis an SPD.
Eacnamaíocht
Úsáidtear an t-eoró. Tá an tríú geilleagar is mó ar an domhain ag an nGearmáin. Is í an earnáil seirbhíse earnáil an gheilleagair is mó.
Ghearmáin, An
als:Deutschland
ja:ドイツ
ko:독일
ms:Jerman
roa-rup:Ghirmânii
simple:Germany
th:สหพันธ์สาธารณรัฐเยอรมนี
zh-min-nan:Tek-kok
An Bheilg
Is tír í an Bheilg (België in Ollainis, Belgique i bhFraincis, agus Belgien i nGearmáinis) atá suite in Iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, an Ghearmáin, Lucsamburg, an Fhrainc, agus tá cósta aici ar an Muir Thuaidh.
Tá sí ag crosbhóthar cultúrtha idir an Eoraip Ghearmánach (le cainteoirí na hOllainise sa tuaisceart, na Pléimeannaigh) agus an Eoraip Rómánsach (le cainteoirí na Fraincise, na Vallóin), agus tá tionchar aige sin ar chastacht a cuid institiúidí agus a cuid staire stair polaitiúil.
Is ballstát ar an Aontas Eorpach í an Bheilg.
Eascraíonn ainm na tíre as treabh darbh ainm na Belgae, Ceiltigh a chónaigh i dtuaisceart na Gaille agus a cuireadh faoi smacht na Róimhe ag an Impire Iúl Caesar sa bhliain 56RC. Tháinig treabhanna Gearmánacha isteach sa chuid sin den Eoraip tar éis d'impireacht na Róimhe titim as a chéile agus tháinig ríochtaí nua chun cinn. Bhí flaitheas ag ríthe éagsúla de chuid na nGearmánach agus na bhFrancach ar limistéir na Beilge sna meánaoiseanna, agus tháinig an Fhraincis agus an Ollainis (Pléimeannais) chun cinn mar phríomhtheangacha labhartha an réigiúin seo i dtuaisceart na hEorpa. Rinneadh Críostaithe de mhuintir na tíre ag manaigh Éireannacha a bhunaigh misiúin ann.
Bhí an Bheilg faoi smacht ag tíortha éagsúla, ag an bhFhrainc agus ag an Ísiltír go háirithe, agus ag an Spáinn go dtí gur tharla an tAthrú Creidimh agus bunú Phoblachta na hOlloine. Nuair a ghnóthaigh na cúigí sa tuaisceart a neamhspleáchas i riocht an Ísiltír (an Ollainn) bhí an Bheilg faoi smacht na hOstaire ar feadh tamaill go dtí gur ghabh fórsaí impiriúla Napoleon seilbh uirthi ar feadh cúpla bliain. Aontaíodh an Bheilg leis an Ísiltír nuair a bhí cogadh Napoleon thart, ach bhain sí a neamhspleáchas amach in 1830 nuair a bhris réabhlóid amach sa tír.
Tháinig cumhachtaí móra na hEorpa le chéile chun Prionsa Leopolt ón mBaváir a inshealbhú mar Rí Leopold I (tairgeadh ríocht na Gréige dó roimhe sin ach dhiúltaigh sé é). Rinne an Isiltír ionradh ar an mBeilg i 1831 agus bhí cogadh idir an dá thír go dtí gur aithin an Ísiltír neamhspleáchas na Beilge sa bhliain 1839.
De thoradh Chomhdháil Berlin 1885 ghlac an Bheilg páirt i gcóilíniú na hAfraice, agus ghabh seilbh ar sciar ollmhór talún in abhanntracht an Chongó. Fearann pearsanta dá chuid féin a bhí sa chóilíneacht seo don rí Leopold II agus ba mhór an scanall an drochíde a tugadh do dhúchasaigh na tíre. Bhí an-tóir ar rubar agus úsáideadh imeaglú, céasadh, dúnmharú agus leonadh chun sclábhaithe a dhéanamh de mhuintir na tíre. Bhí an-bhaint ag an dtírghráthóir Éireannach, Ruairí Mac Easmoinn, le nochtú an drochíde seo agus mar gheall ar an mbrú idirnáisiúnta a d'eascair as a chuid tuairiscí, b'éigean don Rí an chóilíneacht a chur i lámha an stáit.
Rinne an Ghearmáin ionradh ar an mBeilg i 1914 agus i 1940 in ainneoin gur fhógair an tír a neodracht sna haighnis idir mhórchumhachtaí na hEorpa. Cuireadh deireadh le polasaí na neodrachta tar éis an Dara Chogaidh Domhanda agus chuaigh an Bheilg isteach i NATO (Conradh an Atlantaigh Thuaidh). Bhí sí ar cheann de bhaill bunaidh Chomhphobail Eacnamaíoch na hEorpa.
Le céad bliain anuas tá deighilt mhór idir phobail na Fraincise agus na hOllainise sa Bheilg, agus is minic go mbítear ag tuar go dtitfidh an tír as a chéile.
Bheilg, An Bheilg, An
ja:ベルギー
ko:벨기에
ms:Belgium
simple:Belgium
th:ประเทศเบลเยียม
zh-min-nan:Belgien
An Rúis
Is tír san Eoraip agus san Áise í an Rúis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na Rúise). Is í an tír is mó sa domhan, le hachar 17,075,400 km², beagnach faoi dhó is mó ná an dara tír is mó, Ceanada. Is í an t-ochtú tír is mó maidir le daonra. Is í Moscó an phríomhchathair. Is é an Rúisís an teanga oifigiúil.
Bhí sí an tír cheannasach in Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha (APSS) agus ba mhaith lena a lán daoine a bheith chomh cumhachtach is a bhí sí san am sin.
Rúis
als:Russland
ja:ロシア
ko:러시아
ms:Russia
roa-rup:Rusii
simple:Russia
th:สหพันธรัฐรัสเซีย
zh-min-nan:Lō·-se-a
1989
Eachtraí
-
Breitheanna
-
Básanna
-
Duaiseanna Nobel
Rang:Blianta
ms:1989
nb:1989
simple:1989
Kate & Anna McGarrigleKate and Anna McGarrigle are a Canadian folk music duo from Quebec.
Profile
Kate and Anna are sisters who write and perform together. They were born of Québécois and Irish parents in Saint-Sauveur-des-Monts, northwest of Montreal.
Their songs have also been covered by a variety of other artists, including Maria Muldaur, Linda Ronstadt, Emmylou Harris, Billy Bragg, Chloé Sainte-Marie and Anne Sofie von Otter. As members of Quebec's anglophone community, the McGarrigles have also recorded and performed many songs in French. Two of their albums, Entre Lajeunesse et la sagesse (also known as French Record) and La vache qui pleure, are entirely in French, but many of their other records include one or two French songs as well. Most of their French songs have been co-written by Philippe Tatartcheff.
Another sister, Jane McGarrigle, has written and performed several songs with the duo.
They were appointed Members of the Order of Canada in 1993 and received the Governor General's Performing Arts Award in 2004.
Discography
- 1975 - Kate and Anna McGarrigle
- 1976 - Dancer with Bruised Knees
- 1978 - Pronto Monto
- 1981 - Entre Lajeunesse et la sagesse (French Record)
- 1982 - Love Over and Over
- 1990 - Heartbeats Accelerating
- 1996 - Matapédia
- 1998 - The McGarrigle Hour
- 2003 - La vache qui pleure
- 2005 - The McGarrigle Christmas Hour
See also
- List of Quebec musicians
- Music of Quebec
- Culture of Quebec
External link
- [http://www.thecanadianencyclopedia.com/index.cfm?PgNm=TCE&Params=U1ARTU0002283 Encyclopedia bio]
McGarrigle, Kate and Anna
McGarrigle, Kate and Anna
McGarrigle, Kate and Anna
McGarrigle, Kate and Anna
McGarrigle, Kate and Anna
McGarrigle, Kate and Anna
narty we francji edinburgh hotel jelenia gra ogoszenia liczniki online blackjack
|
|
|
| :: RELATED NEWS :: |
Creonte
Creonte è il nome di alcune figure della mitologia greca.
Il più importante di queste è il re di Tebe, fratello di Giocasta.
Tiranno pervicace, disprezzava il suo popolo e i suoi anziani, sfidò gli dei rifiutando una sepoltura onorevole, non solo ai suoi nemici, ma anche ai membri della sua famiglia.
Il suo comportamento era causato dalla morte del figlio Megareo, sacrificato al dio
|
|
Criseide
Criseide è anche uno dei quindici satelliti del pianeta Urano.
Criseide è anche il nome di una delle tremila Oceanine
----
Criseide, patronimico utilizzato da Omero nell'Iliade per denominare la fanciulla Astinome, è una figura della mitologia greca, figlia di Crise il sacerdote di mitologia greca, giovani semidivini e demoniaci.
A loro, Rea affidò il figlio Zeus affinché lo allevassero, per evitargli di essere mangiato dal padre Crono.
Rea, in un primo tempo porto il figlio a Creta, dove venne nutrito con il latte della capra Amaltea e co
|
Dafne (mitologia)
Dafne è una figura della mitologia greca, ninfa della montagna e figlia del fiume Peneo.
Dafne era una sacerdotessa della Madre Terra, amata contemporaneamente da un mortale, Leucippo, e dal dio Apollo.
|
|