:: wikimiki.org ::
| Tír |
TírFocal a bhfuil bríonna éagsúla aige. Tá gaol aige le 'terra' na Laidne a chiallaíonn talamh nó aonad polaitiúil nó fisiciúíl talún. Is aonad polaitiúil é 'tír' sa ghnáthchaint. Mar shampla, is tír Eorpach í Éire, is tír Mheiriceá Thuaidh í Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus is tír Áiseach í an Vítneam.
Mar gheall ar chúinsí éagsúla na staire tá an-éagsúlacht tíortha ar domhan. Tá cuid acu bunaithe ar náisiún nó treabh amháin, dream daoine a bhfuil teanga, creideamh nó cultúr sainiúil acu. Samplaí díobh sin is ea an Íoslainn, an tSeapáin, Vítneam, Leosóta. Ach bíonn meascán go minic i dtíortha eile, an Eilbhéis mar shampla mar a labhraítear ceithre theanga oifigiúil, nó an Bheilg mar a bhfuil trí theanga agus tháinig ann do na tíortha sin de bharr na hiomaíochta idir impireachtaí nó tíortha níos mó ná iad ina labhraítear teangacha náisiúnta na tíre. Cruthaíodh teorannacha idir tíortha de bharr na gcoimhlintí idir náisiúin éagsúla, agus mar sin is minic a bhíonn mionlach i dtír nach bhfuil an teanga, creideamh nó cultúr céanna acu is atá an mhóraimh acu - lucht labhartha na Sualannaise sa bhFionnlainn mar shampla, a thugann a ndílseacht don tír ina bhfuil siad in ainneoin na ndifríochtaí sin.
Is minic a labhraítear an teanga chéanna i dtíortha difriúla, Ceanada agus na Stáit Aontaithe mar shampla, nó an Phortaingéil agus an Bhrasaíl, ach cuirtear an-bhéim ar neamhspleáchas na dtíortha sin óna chéile.
In 2004, tá tuairim is 180 tíortha ann de réir na Náisiúin Aontaithe.
Rang:Tíortha
ja:国
simple:Country
zh-cn:国家
zh-tw:國家
zh-min-nan:Kok-ka
An EoraipIs ilchríoch í an Eoraip, leis na teorainn seo a leanas aici: an tAigéan Atlantach thiar, an tAigéan Artach ar an taobh thuaidh, an Úral agus Sléibhte na hÚraile thoir, Sléibhte na Cugaise agus an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir theas, agus an Mheánmhuir ó dheas. Agus an Áise á thógáil san áireamh freisin, is féidir an t-oll-ilchríoch an Eoráise a aithint.
an Eoráise
Tá cónaí ar 729,000,000 duine san Eorap, agus tá 44 tír neamhspleách ann. Ó mí Bealtaine 2004 ar aghaidh, tá 25 acusan cheana féin san Aontas Eorpach, agus ar a laghad trí gcinn ag brath ar dhul isteach i mbeagán blianta. Déanann institiúid an Aontais a ngnó i 20 teanga, ach tá go leor mionteangacha eile cheana féin san Aontas.
Ba san Eoraip a thosaigh cuid de mhórimpreachtaí an domhain. Leath cumhacht na Gréige, agus na Róimhe ina diaidh, ar fud cuid mhór den Eoraip, maraon le tuaisceart na hAfraice agus iarthar na hÁise. Ón gcéad aistear a rinne Criostóir Colambas chun an domhain nua don Spáinn, thóg an tír sin agus tíortha nach é seilbh de réir a chéile ar Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas. Thóg tíortha eile ar nós na Breataine, na Portaingéile, na nÍsiltír, na Gearmáine agus na Beilge seilbh freisin ar chuid mhór desna na mór-roinne eile. Leath an Rúis ó Mhoscú siar go dtí an Muir Bhailt, soir chomh fada leis an Aigéin Ciúin, agus ó dheas go dtí an Mhuir Dhubh, Sléibhte na Cugaise, agus an Mhongóil. Ní ach ag deireadh an 19ú aois ar aghaidh go dtí lár an 20ú aois a fuair mórán de choilíneachtaí na hEorpa a saoirse arís, cé go bhfuair cuid mhór de Thuaisceart Mheiriceá (Stáit Aontaithe Mheiriceá) a saoirse i 1775. Tá cumhacht airgeadach agus míleata ag an Eoraip i gcúrsaí an domhain, ach is beag é le hais chumhacht SAM nó, go dtí 1989, cumhacht an Aontais Shóibhéidigh. Ach le búnú an Chómhargaidh Eorpaigh, agus a chomharba an tAontas Eorpach, ceapann go leor go dtiocfaidh neart ghéilleagrach agus míleata arís chun na hEorpa, mar gur mó anois é a dhaonra ná daonra SAM nó an Aontais Shóibhéidigh mar a bhí, nó an Rúis an lae inniu.
Liosta tíortha Eorpacha
Is san Eoraip atá na tíortha seo leanas:
- An Albáin
- Andóra
- An Bheilg (ball den AE)
- An Bhealarúis
- An Bhoisnia-Heirseagaivéin
- An Bhulgáir
- An Chipir (ball den AE)
- An Chróit
- An Danmhairg (ball den AE)
- An Eastóin (ball den AE)
- An Eilvéis
- Éire (Poblacht) (ball den AE)
- An Fhionlainn (ball den AE)
- An Fhrainc (ball den AE)
- An Ghearmáin (ball den AE)
- An Ghréig (ball den AE)
- An Iodáil (ball den AE)
- An Iorua
- An Íoslainn
- An Ísiltír (ball den AE)
- An Laitvia (ball den AE)
- An Lichtinstéin
- An Liotuáin (ball den AE)
- Lucsamburg (ball den AE)
- Málta (ball den AE)
- An Mhacadóin
- An Mholdóiv
- Monacó
- An Ostair (ball den AE)
- An Pholainn (ball den AE)
- An Phortaingéil (ball den AE)
- An Ríocht Aontaithe (ball den AE)
- An Rómáin
- An Rúis
- San Mairíne
- An Spáinn (ball den AE)
- Poblacht na Seice (ball den AE)
- An tSeirbia agus Montainéagró
- An tSlóivéin (ball den AE)
- an tSlóvaic (ball den AE)
- An tSualainn (ball den AE)
- An Úcráin
- An Ungáir (ball den AE)
- An Vatacáin
Féach freisin ar
- Stair na hEorpa
- an tAontas Eorpach
Eoraip, An
als:Europa
ja:ヨーロッパ
ko:유럽
ms:Eropah
roa-rup:Evropa
simple:Europe
th:ทวีปยุโรป
zh-min-nan:Europa
Meiriceá ThuaidhIs mór-roinn é Meiriceá Thuaidh, sa leath-domhain thuaidh, idir Aigéin an Atlantaigh Thuaidh agus an Aigéan Ciúin.
Tíortha i Meiriceá Thuaidh
- Antigua agus Barbúda
- Na Bahámaí
- Barbadós
- An Bheilís
- Ceanada
- Cósta Ríce
- Cúba
- Doiminice
- An Ghraonlainn
- Grenada
- Guatamala
- Haití
- Hondúras
- Iamáice
- Meicsiceo
- Nicearagua
- Oileán na Tríonóide agus Tobága
- Panama
- An Phoblacht Dhoiminiceach
- An tSalvadóir
- San Críostóir Nimheas
- San Lúicia
- San Uinseann agus na Grenadíní
- Stáit Aontaithe Mheiriceá
Rang:Mór-ranna
ja:北アメリカ
simple:North America
th:ทวีปอเมริกาเหนือ
zh-min-nan:Pak Bí-chiu
Stáit Aontaithe Mheiriceá
Is tír i Meiriceá Thuaidh iad Stáit Aontaithe Mheiriceá atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin.
Is é an tríú tír is mó maidir le hachar agus le daonra. As na caoga stáit sa tír, is Alasca é an stát is mó (maidir le hachar) agus is é California an stát leis an líon daoine is mó. Tá caoga stát inti:
- Alabama
- Alasca
- Arizona
- Arkansas
- California
- Carolina Theas
- Carolina Thuaidh
- Colorado
- Connecticut
- Dakota Theas
- Dakota Thuaidh
- Delaware
- Florida
- Georgia
- Habháí
- Idaho
- Illinois
- Indiana
- Iowa
- Kansas
- Kentucky
- Louisiana
- Maine
- Maryland
- Massachusetts
- Michigan
- Minnesota
- Mississippi
- Missouri
- Montana
- Nebraska
- Nevada
- New Hampshire
- New Jersey
- Nua-Eabhrac
- Nua-Mheicsiceo
- Ohio
- Oilean Rhode
- Oklahoma
- Oregon
- Pennsylvania
- Tennessee
- Texas
- Utah
- Vermont
- Virginia
- Virginia Thiar
- Washington
- Wisconsin
- Wyoming
Stair
Scoilt trí coilíneachtaí deag as an Ríocht Aontaithe agus chum siad na SAM tar eis Fógra Neamhspleáchais i 1776 agus an Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá. I rith an naoú haois déag, chuaigh níos mó stáit leis, agus scar sé amach as Mheiriceá Thuaidh.
Tíreolaíocht
Is é na Stáit Aontaithe an tríú tír is-mó sa domhain. Éagsulaíonn an tírphictiúr go mór: colta measartha agus cnoic sa oirthear, Mangrove sa Florida, mánna mór sa lár na tíre. Is í Nua-Eabhrac an chathair is mó.
Teanga
Tá timpeall is 336 teanga á labhairt i SAM, (176 teanga dúchais). Níl aon teanga oifigiúil ag an rialtas feidearálach. Is é Béarla an teanga oifigiúil ag 27 stát agus d'uchtaigh Habháí, Louisiana, agus Nua-Mheicsiceo teanga oifigiúil eile - (Habháís, Fraincis agus Spáinnis faoi seach). Is é Spáinnis an teanga a labhraítear is mó tar éis an Béarla.
!Rang:Tíortha
ja:アメリカ合衆国
ko:미국
ms:Amerika Syarikat
simple:United States of America
th:สหรัฐอเมริกา
tokipona:ma Mewika
zh-min-nan:Bí-kok
VítneamIs tír in oirdheisceart na hÁise í Poblacht Sóisialach Vítneam. Tá teorainn aici leis an tSín, Laos, an Chambóid agus Murascaill Tonkin. Vítneaimis an teanga náisiúnta. Is Ha Noi atá sa roinnt thuaidh an tír í an priomhchathair, agus is Cathair Ho Chi Minh an cathair is mó an tír.
Polaitíocht
Tá rialtas Cummanaigh é a bheith i réim ann i Vítneam. Áfach, Cé go raibh an rialtas bunaithe ar bhfealsúnacht Cummanaigh, tá fiontar gnó ann go leor sa dtír ar fud, go háirithe sa gceantar thuas na tíre agus Cathair Ho Chi Minh.
Ach ní ceadaíonn an páirtí Cummanaigh aon léirmheasa ar bheartas an rialtais ar bith. Tá pionós an bháis ann, chomh maith, agus tabhaireann an rialtas é do daoine a ciontaíodh i gcion trom (gáinneáil neamhdhleathach drugaí, mar shampla) ó am go ham.
Reiligiúin
Cé go bhfuil an cuid is mó na daoine Vítneamis ina Búideach, tá níos mó na 10% na daoine ina Caitliceach, freisin. Tá cuid beag muintir an tír ina Moslamach, chomh maith.
Cogadh
Bhí trí cogaidh mór in Vítneam sa 20ú céad—an Chéad Cogadh Indeo-sín (idir an Fraince agus an muintir Vítneamis a raibh ina coilineacht Fhraincis roimhe 1954), an Cogadh Indeo-Sín a Dó (idir Vítneam Thuaidh agus Vítneam Theas leis an Stát Aontaithe Mheiriceá, 1957 – 1975), agus an Cogadh Indeo-Sín a Trí (idir Vítneam agus An tSín, 1978 – 1979).
Rang:Tíortha
Rang:Vítneam
ja:ベトナム
ko:베트남
ms:Vietnam
simple:Vietnam
th:ประเทศเวียดนาม
zh-min-nan:Oa̍t-lâm
2004Ba bliain bhisigh an bhliain 2004.
- Bliain Shíneach (22 Eanáir): Moncaí (猴)
Eachtraí
Márta
- 29 Márta - Chuir Poblacht na hÉireann cosc ar tobac a chaitheamh in áiteanna oibre.
Bealtaine
- 1 Bealtaine - Leathnú an Aontais Eorpaigh: thanaig an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an Phoblacht Sheiceach, an tSlóivéin, an tSlóvaic, agus an Ungáir istigh.
Samhain
- 2 Samhain - Bhuaigh George W. Bush an toghchán uachtaráin i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Básanna
Lúnasa
- 3 Lúnasa - Henri Cartier-Bresson, 95, grianghrafadóir
- 14 Lúnasa - Czesław Miłosz, scríbhneoir aistí agus file liriciúil Polannach (r. 1911)
Rang:Blianta
ja:2004年
ko:2004년
simple:2004
BaninmätningEn baninmätning (en: tracking) inom GPS innebär en bestämning av en satellits bana med optiska eller elektroniska hjälpmedel.
Kategori:Geodesi
Kategori:Geodetiska termer
En:Tracking
bwin programy hotels edinburgh uk Skrty angielskie Hotele w Warszawie
|
|
|
|