:: wikimiki.org ::
| An Ghearmáin |
An GhearmáinTír mór i lár na hEorpa í Poblacht Chomhnasctha na Gearmáine le daonra thart ar 82 milliún. Is ball ar an Aontas Eorpach í. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, leis an mBeilg, le Lucsamburg, leis an bhFrainc, leis an Ostair, leis an bPoblacht Seiceach, leis an bPolainn agus leis an Eilvéis. Is í Beirlin an príomhchathair. Tá 3.4 milliún daoine ina gcónaí ann.
Stair
Tar éis ré na Naitsithe agus An Dara Cogadh Domhanda, roinneadh an tír i gceithre rann le riarú ag cumhachtaí na gComhghuallaithe. Cuireadh na roinn a bhí faoin bhFrainc, faoin mBreatain, agus faoi Stáit Aontaithe Mheiriceá le chéile chun Poblacht Chomhnasctha na Gearmáine a cheapadh, ach d´fhan an roinn a bhí faoin Aontas Sóibhéadach ina tír cumannach, faoi chumhacht na Rúise, go dtí gur thit an chumannachas sa Rúis agus ar fud na hEorpa. Leagadh Balla Bheirlín ("die Wende" as Gearmáinis) agus an teorainn idir an roinn a bhí sa Ghearmáin, agus aontaíodh an tír go hoifigiúil i 1990. Aistríodh príomhchathair na tír ó Bhonn go dtí sean-phríomhchathair na Gearmáine, Beirlín. Nuair a cuireadh an 17 milliún a bhí i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine, mar a tugtaí ar ar gcuid thoir den tír a bhí faoin gcumannachas, leis an 63 milliún a bhí i bPoblacht Chomhnasctha na Gearmáine, mar a tugtaí ar iarthar na Gearmáine, bhí Ghearmáin níos mó agus níos cumhachtaí arís san Eoraip, rud a chur scanradh ar chuid mhaith dá comharsain a d´fhulaing i ré na Naitsithe agus sa Dara Chogadh Domhanda.
Bhí Iarthar na Gearmáine cheana féin san Aontas Eorpach, tar éis di bheith cheana féin sa Chómhargadh Eorpach ó na 1960í, agus chuaigh an daonra a bhí in oirthear na tíre isteach san Aontas sin. Ach bhí difríochtaí móra idir dhá chuid na tíre le sárú. Tháinig méadú mór ar chostasaí an stáit agus é ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an oirthear. Bhí dífhostaíocht an-ard san oirthear, rud a leanann go dtí an lá inniu, agus tá ar rialtas na Gearmáine laghdaithe móra a dhéanamh ar a costasaí sóisialta, m.sh., fiú go mbaineann an Seansailéar, Gerhard Schröder, leis an SPD, an príomhpháirtí ar an eite chlé ó 1945 ar aghaidh. I 2005 bhuaigh Angela Merkel ón CDU ólltógchán agus chuaigh siad isteach rialtas leis an CSU agus leis an SPD.
Eacnamaíocht
Úsáidtear an t-eoró. Tá an tríú geilleagar is mó ar an domhain ag an nGearmáin. Is í an earnáil seirbhíse earnáil an gheilleagair is mó.
Ghearmáin, An
als:Deutschland
ja:ドイツ
ko:독일
ms:Jerman
roa-rup:Ghirmânii
simple:Germany
th:สหพันธ์สาธารณรัฐเยอรมนี
zh-min-nan:Tek-kok
An EoraipIs ilchríoch í an Eoraip, leis na teorainn seo a leanas aici: an tAigéan Atlantach thiar, an tAigéan Artach ar an taobh thuaidh, an Úral agus Sléibhte na hÚraile thoir, Sléibhte na Cugaise agus an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir theas, agus an Mheánmhuir ó dheas. Agus an Áise á thógáil san áireamh freisin, is féidir an t-oll-ilchríoch an Eoráise a aithint.
an Eoráise
Tá cónaí ar 729,000,000 duine san Eorap, agus tá 44 tír neamhspleách ann. Ó mí Bealtaine 2004 ar aghaidh, tá 25 acusan cheana féin san Aontas Eorpach, agus ar a laghad trí gcinn ag brath ar dhul isteach i mbeagán blianta. Déanann institiúid an Aontais a ngnó i 20 teanga, ach tá go leor mionteangacha eile cheana féin san Aontas.
Ba san Eoraip a thosaigh cuid de mhórimpreachtaí an domhain. Leath cumhacht na Gréige, agus na Róimhe ina diaidh, ar fud cuid mhór den Eoraip, maraon le tuaisceart na hAfraice agus iarthar na hÁise. Ón gcéad aistear a rinne Criostóir Colambas chun an domhain nua don Spáinn, thóg an tír sin agus tíortha nach é seilbh de réir a chéile ar Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas. Thóg tíortha eile ar nós na Breataine, na Portaingéile, na nÍsiltír, na Gearmáine agus na Beilge seilbh freisin ar chuid mhór desna na mór-roinne eile. Leath an Rúis ó Mhoscú siar go dtí an Muir Bhailt, soir chomh fada leis an Aigéin Ciúin, agus ó dheas go dtí an Mhuir Dhubh, Sléibhte na Cugaise, agus an Mhongóil. Ní ach ag deireadh an 19ú aois ar aghaidh go dtí lár an 20ú aois a fuair mórán de choilíneachtaí na hEorpa a saoirse arís, cé go bhfuair cuid mhór de Thuaisceart Mheiriceá (Stáit Aontaithe Mheiriceá) a saoirse i 1775. Tá cumhacht airgeadach agus míleata ag an Eoraip i gcúrsaí an domhain, ach is beag é le hais chumhacht SAM nó, go dtí 1989, cumhacht an Aontais Shóibhéidigh. Ach le búnú an Chómhargaidh Eorpaigh, agus a chomharba an tAontas Eorpach, ceapann go leor go dtiocfaidh neart ghéilleagrach agus míleata arís chun na hEorpa, mar gur mó anois é a dhaonra ná daonra SAM nó an Aontais Shóibhéidigh mar a bhí, nó an Rúis an lae inniu.
Liosta tíortha Eorpacha
Is san Eoraip atá na tíortha seo leanas:
- An Albáin
- Andóra
- An Bheilg (ball den AE)
- An Bhealarúis
- An Bhoisnia-Heirseagaivéin
- An Bhulgáir
- An Chipir (ball den AE)
- An Chróit
- An Danmhairg (ball den AE)
- An Eastóin (ball den AE)
- An Eilvéis
- Éire (Poblacht) (ball den AE)
- An Fhionlainn (ball den AE)
- An Fhrainc (ball den AE)
- An Ghearmáin (ball den AE)
- An Ghréig (ball den AE)
- An Iodáil (ball den AE)
- An Iorua
- An Íoslainn
- An Ísiltír (ball den AE)
- An Laitvia (ball den AE)
- An Lichtinstéin
- An Liotuáin (ball den AE)
- Lucsamburg (ball den AE)
- Málta (ball den AE)
- An Mhacadóin
- An Mholdóiv
- Monacó
- An Ostair (ball den AE)
- An Pholainn (ball den AE)
- An Phortaingéil (ball den AE)
- An Ríocht Aontaithe (ball den AE)
- An Rómáin
- An Rúis
- San Mairíne
- An Spáinn (ball den AE)
- Poblacht na Seice (ball den AE)
- An tSeirbia agus Montainéagró
- An tSlóivéin (ball den AE)
- an tSlóvaic (ball den AE)
- An tSualainn (ball den AE)
- An Úcráin
- An Ungáir (ball den AE)
- An Vatacáin
Féach freisin ar
- Stair na hEorpa
- an tAontas Eorpach
Eoraip, An
als:Europa
ja:ヨーロッパ
ko:유럽
ms:Eropah
roa-rup:Evropa
simple:Europe
th:ทวีปยุโรป
zh-min-nan:Europa
An tAontas Eorpach
Is eagraíocht idirnáisiúnta de stáit san Eoraip é an tAontas Eorpach (AE). Thosaigh sé mar an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach le 6 bhall, agus ina dhiaidh sin lean na hainmneacha Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, "an Comhmhargadh" (neamhoifigiúil), agus Comhphobal Eorpach a chéile go dtí gur tugadh an "Aontas Eorpach" ar an aontas ar deireadh. Tá daonra timpeal is 457 milliún agie (2005). Is é Aontaithe d'ainneoin na héagsúlachta a mhana.
Tá cúig thír is fiche san Aontas Eorpach. I mí na Bealtaine 2004, tháinig deich dtír bhreise isteach leis na cúig cinn déag a bhí ann roimhe sin.
Tá 12 des na tíortha a bhí ann go dtí sin cheana féin i gcríoch an eoró, agus ceaptar go dtiocfaidh an chuid is mó des na nua-bhaill isteach chomh luath agus is féidir leo.
Stair
I 1952, bhunaigh an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach. D'éirigh sé sin an Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (níos déanaí, an Comhphobal Eorpach).
An Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta i 1973. Tháinig an Ghréig isteach i 1980 agus an Spáinn agus an Phortaingéil i 1981.
Thosaigh an tAontas Eorpach é féin i 1993. Chuaigh an Fhionlainn, an Ostair agus an tSualann sna ballstáit i 1995. Tháinig an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Phoblacht Sheiceach, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Ungáir isteach i 2004.
Sa bhliain 2004, shéan cinn stáit an Aontais Bunreacht na hEorpa ach caithfidh sé a daingnigh le na ballstáit.
Na ballstáit
Is íad na ballstáit faoi lathair ná:
críoch an eoró
- An Bheilg
- An Chipir
- An Danmhairg
- An Eastóin
- Éire
- An Fhionlainn
- An Fhrainc
- An Ghearmáin
- An Ghréig
- An Iodáil
- An Ísiltír
- An Laitvia
- An Liotuáin
- Lucsamburg
- Málta
- An Ostair
- An Phoblacht Sheiceach
- An Pholainn
- An Phortaingéil
- An Ríocht Aontaithe
- An tSlóivéin
- An tSlóvaic
- An Spáinn
- An tSualainn
- An Ungáir
Méadú
Sa bhliain 2007, beidh an Rómáin agus An Bhulgáir ina mball, má chomhlíonann siad roinnt riachtanachtaí eacnamaíochta. Tá an Chróit agus an Tuirc ag cur isteach ar bhallraíocht freisin. Tá iarratas na Cróite á chur ar gcúl faoi láthair. Tá a lán ball den Aontas ag cur in aghaidh teacht isteach na Tuirce san AE.
Naisc sheachtracha
- [http://euabc.com EUABC]
- [http://euobserver.com EUobserver] (i mBéarla)
Aontas Eorpach
ja:欧州連合
ko:유럽 연합
ms:Kesatuan Eropah
simple:European Union
th:สหภาพยุโรป
zh-min-nan:Europa Liân-bêng
An Bheilg
Is tír í an Bheilg (België in Ollainis, Belgique i bhFraincis, agus Belgien i nGearmáinis) atá suite in Iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an Ísiltír, an Ghearmáin, Lucsamburg, an Fhrainc, agus tá cósta aici ar an Muir Thuaidh.
Tá sí ag crosbhóthar cultúrtha idir an Eoraip Ghearmánach (le cainteoirí na hOllainise sa tuaisceart, na Pléimeannaigh) agus an Eoraip Rómánsach (le cainteoirí na Fraincise, na Vallóin), agus tá tionchar aige sin ar chastacht a cuid institiúidí agus a cuid staire stair polaitiúil.
Is ballstát ar an Aontas Eorpach í an Bheilg.
Eascraíonn ainm na tíre as treabh darbh ainm na Belgae, Ceiltigh a chónaigh i dtuaisceart na Gaille agus a cuireadh faoi smacht na Róimhe ag an Impire Iúl Caesar sa bhliain 56RC. Tháinig treabhanna Gearmánacha isteach sa chuid sin den Eoraip tar éis d'impireacht na Róimhe titim as a chéile agus tháinig ríochtaí nua chun cinn. Bhí flaitheas ag ríthe éagsúla de chuid na nGearmánach agus na bhFrancach ar limistéir na Beilge sna meánaoiseanna, agus tháinig an Fhraincis agus an Ollainis (Pléimeannais) chun cinn mar phríomhtheangacha labhartha an réigiúin seo i dtuaisceart na hEorpa. Rinneadh Críostaithe de mhuintir na tíre ag manaigh Éireannacha a bhunaigh misiúin ann.
Bhí an Bheilg faoi smacht ag tíortha éagsúla, ag an bhFhrainc agus ag an Ísiltír go háirithe, agus ag an Spáinn go dtí gur tharla an tAthrú Creidimh agus bunú Phoblachta na hOlloine. Nuair a ghnóthaigh na cúigí sa tuaisceart a neamhspleáchas i riocht an Ísiltír (an Ollainn) bhí an Bheilg faoi smacht na hOstaire ar feadh tamaill go dtí gur ghabh fórsaí impiriúla Napoleon seilbh uirthi ar feadh cúpla bliain. Aontaíodh an Bheilg leis an Ísiltír nuair a bhí cogadh Napoleon thart, ach bhain sí a neamhspleáchas amach in 1830 nuair a bhris réabhlóid amach sa tír.
Tháinig cumhachtaí móra na hEorpa le chéile chun Prionsa Leopolt ón mBaváir a inshealbhú mar Rí Leopold I (tairgeadh ríocht na Gréige dó roimhe sin ach dhiúltaigh sé é). Rinne an Isiltír ionradh ar an mBeilg i 1831 agus bhí cogadh idir an dá thír go dtí gur aithin an Ísiltír neamhspleáchas na Beilge sa bhliain 1839.
De thoradh Chomhdháil Berlin 1885 ghlac an Bheilg páirt i gcóilíniú na hAfraice, agus ghabh seilbh ar sciar ollmhór talún in abhanntracht an Chongó. Fearann pearsanta dá chuid féin a bhí sa chóilíneacht seo don rí Leopold II agus ba mhór an scanall an drochíde a tugadh do dhúchasaigh na tíre. Bhí an-tóir ar rubar agus úsáideadh imeaglú, céasadh, dúnmharú agus leonadh chun sclábhaithe a dhéanamh de mhuintir na tíre. Bhí an-bhaint ag an dtírghráthóir Éireannach, Ruairí Mac Easmoinn, le nochtú an drochíde seo agus mar gheall ar an mbrú idirnáisiúnta a d'eascair as a chuid tuairiscí, b'éigean don Rí an chóilíneacht a chur i lámha an stáit.
Rinne an Ghearmáin ionradh ar an mBeilg i 1914 agus i 1940 in ainneoin gur fhógair an tír a neodracht sna haighnis idir mhórchumhachtaí na hEorpa. Cuireadh deireadh le polasaí na neodrachta tar éis an Dara Chogaidh Domhanda agus chuaigh an Bheilg isteach i NATO (Conradh an Atlantaigh Thuaidh). Bhí sí ar cheann de bhaill bunaidh Chomhphobail Eacnamaíoch na hEorpa.
Le céad bliain anuas tá deighilt mhór idir phobail na Fraincise agus na hOllainise sa Bheilg, agus is minic go mbítear ag tuar go dtitfidh an tír as a chéile.
Bheilg, An Bheilg, An
ja:ベルギー
ko:벨기에
ms:Belgium
simple:Belgium
th:ประเทศเบลเยียม
zh-min-nan:Belgien
An Fhrainc
Is tír í an Fhrainc, nó Poblacht na Fraince (République Française i Fraincis) atá suite in iarthar na hEorpa. Tá teorainn aici leis an mBeilg, Lucsamburg, an nGearmáin, an Eilvéis, an Iodáil, Monacó, Andóra agus an Spáinn. Is ball den Aontas Eorpach í an Fhrainc ó bhunú na heagraíochta amach.
Eacnamaíocht
Úsáidtear an t-eoró. Tá an séú geilleagar is mó ar an domhain ag an bhFrainc. Is í an earnáil seirbhíse earnáil an gheilleagair is mó. Tagann thart ar 77 milliún turasóirí go dtí an bhFrainc gach bhliain.
Cultúr
Fch Academie Française nó Acadamh na Fraincíse.
Fhrainc, An
-
als:Frankreich
fiu-vro:Prantsusmaa
ja:フランス
ko:프랑스
ms:Perancis
simple:France
th:ประเทศฝรั่งเศส
zh-min-nan:Hoat-kok
An OstairPoblacht i lár na hEorpa í an Ostair. Tá teorannacha aici leis an nGearmáin, leis an bPoblacht Seiceach, leis an tSlóvaic, leis an Ungáir, leis an tSlóivéin, leis an Iodáil, agus leis an Eilvéis.
Bhí daoine ina gcónaí i gceantar na Danóibe timpeall 80,000 bliain ó shin, ach níor tháinig aon fhorbairt ar stát ar bith sa cheantar go dtí gur ghabh na Rómhánaigh seilbh air timpeall aimsir Chríosta. Cúige ar theorainn impireacht Charlemagne a bhí san Ostair go luath sna meánaoiseanna, go dtí gur tháinig na Magyar, nó na hUngáirigh sa deichiú haois. Tháinig rítheaghlach Babenberg chun cinn agus bunaíodh stát lena phríomhchathair i Vín i 1116. Ba chuid d'impireacht naofa na Róimhe (impireacht Gearmánach i ndáiríre) í an Ostair as sin go ceann blianta fada.
D'athraigh na hOstaraigh a ndílseacht ar feadh tamaill go rithe na Bóithéime agus de réir a chéile tháinig rítheaghlach nua i dtreis, ceann de na teaghlaigh ba chumhachtaí a bhí riamh san Eoraip, na Hapsburg. Bhí siad ina rithe ar an Ostair agus ar an Bhóithéim agus tháinig tailte eile timpeall ar an Ostair, agus i bhfad i gcéin (ríocht na Spáinne agus a tailte thar lear san áireamh) ina seilbh. Bhí iomaíocht ghéar idir í féin agus Impireacht Ottomach na Tuirce agus rinne na Turcaigh léigear ar Vín in 1529 agus i 1683.
Bhí an Ostair ar cheann de mhórchumhachtaí na hEorpa go dtí gur cloíodh í sa Chéad Chogadh Domhanda, fiú tar éis do Napóilean an tír a ghabháil, agus a príomhchathair Vín (Wien) ar cheann de na cathracha ba thaibhsí sa domhan. D'éirigh leis na hOstaraigh an bua a fháil ar Napóilean i gcúpla cath, agus bhí lámh ag an gCunta Metternich, Seansailéir na hOstaire, i leagan amach teorainneacha na hEorpa in 1815. Bhí tréimhse fada síochána sa tír ansin go dtí gur dúnmharaíodh oidhre na ríochta, an tArd-diúc Franz Ferdinand i Sarajevo ar an 28 Meitheamh 1914, eachtra a chuir tús leis an Chéad Chogadh Domhanda. Chaill an Ostair a forlámhas ar fhormhór a himpireacht agus bunaíodh poblacht i 1918, ach níor mhair a neamhspleáchas i bhfad. Ghabh Adolf Hitler, Ostarach ó dhúchas, a tháinig i gceannas ar an Ghearmáin, seilbh ar an tír i 1936 agus ba mar chuid den Reich Gearmánach a ghlac sí páirt sa Chéad Chogadh Domhanda. Leagadh síos na teorannacha atá anois aici tar éis don Aontacht Shóivéideach í a ghabháil i 1945. Rinneadh ceithre chuid den tír, ach tugadh a neamhspleáchas di nuair a scríobhadh bunreacht nua a chinntigh neodracht na tíre agus bhí sí neamhspleách arís.
Le cabhair ó Phlean Marshall tháinig forbairt mhear eacnamaíoch ar an tír tar éis an Dara Chogaidh Domhanda. Is ball iomlán den Aontas Eorpach ó 1995 i leith í.
Ostair, An
als:Österreich
ja:オーストリア
ko:오스트리아
ms:Austria
simple:Austria
th:ประเทศออสเตรีย
zh-min-nan:Tang-kok
An Phoblacht Sheiceach#athsheoladh an tSeic
An PholainnTír is ea í Poblacht na Polainne atá suite ar chósta theas Mhuir Bhailt, agus í ag críochantaíocht leis an nGearmáin, le Poblacht na Seice, leis an tSlóvaic, leis an Úcráin, leis an mBílearúis agus leis an Liotuáin. Thairis sin, tá ceantar Kaliningrad, ar leis an Rúis é, suite idir an Liotuáin agus an Pholainn.
Ainm na tíre
Tugann na Polannaigh féin Polska ar a dtír dhúchais ina dteanga féin. Tá an t-ainm seo bunaithe ar Polanie, is é sin, treibh de Shlavaigh a raibh cónaí orthu ar mhachairí móra na tíre fadó. Ciallaíonn an focal féin pole "páirc" nó "machaire" sa teanga. Tá ainmneacha na tíre i dteangacha eile fréamhaithe ón tamhan céanna, cé is moite de chupla eisceacht: Lehistan a thugtar ar an bPolainn sa Tuircis, Lengyelország san Ungáiris, agus Lenkija sa Liotuáinis. Tá na hainmneacha seo bunaithe ar ainm treibhe eile, mar atá, Lędzianie. Bhí an treibh seo ag cur fúithi i gcríocha oirthuaisceartacha na Polainne de réir mar a bhreathnaíonn an tír inniu.
Is é ainm oifigiúil na tíre ná Rzeczpospolita Polska. Ní úsáidtear an focal dúchasach sin rzeczpospolita mar théarma Polainnise ar phoblacht ach le tagairt a dhéanamh do phoblacht na Polainne. Na poblachtaí eile, cosúil le hÉirinn, tugtar republika orthu. Le fírinne, níl i rzeczpospolita féin ach aistriú focal ar fhocal ar respublica na Laidine, nó ciallaíonn an dá fhocal gnó poiblí.
An Córas Polaitíochta
I ndiaidh bhlianta fada an Chumannachais, d'éirigh leis na Polannaigh daonlathas ceart a chur ar bun faoi dheoidh i dtús na nóchaidí. Is poblacht phairliminteach í an tír inniu, agus dhá theach - Sejm (an dáil, nó teach na dteachtaí) agus Senat (an seanad) - sa phairlimint. Tá 460 feisire ar Sejm, agus na saoránaigh ag caitheamh a vótaí sna holltoghcháin uair in aghaidh na gceithre mblian. Tá 100 Seanadóir ann, agus iad á dtoghadh sna holltoghcháin chomh maith. Tugtar Zgromadzenie Narodowe nó an Comhthionól Náisiúnta ar dhá theach na pairliminte in éineacht - ar an Oireachtas, i dtéarmaí Éireannacha.
Bhí páirtithe éagsúla sa phairlimint i mblianta an Chumannachais féin, cosúil le páirtí na bhfeirmeoirí (SL - Stronnictwo Ludowe nó Páirtí an Phobail) agus páirtí oifigiúil na gCaitliceach (PAX). B'é an Páirtí Cumannach, nó Polska Zjednoczona Partia Robotnicza - "Páirtí Aontaithe Lucht Oibre na Polainne" - a bhí i mbun na gcúrsaí dháiríre, áfach. B'é an ficsean oifigiúil go raibh an páirtí sin cruthaithe ag na Cumannaigh agus ag na sóisialaigh dhaonlathacha in éineacht - sin é an chúis go raibh an t-ainm sin air.
Tá tionchar nach beag ag na hiar-Chumannaigh i gcónaí ar an saol polaitiúil sa Pholainn. Níor éirigh leis na mionpháirtithe a tháinig ar an bhfód i ndiaidh athbhreith an daonlathais iad féin a bhuanú, agus sa lá atá inniu ann, bíonn na páirtithe nua ag teacht agus ag imeacht, toghchán i ndiaidh a chéile. Bíonn cuid mhór de na Polannaigh sách éiginnte i gcónaí faoina ndearcadh polaitiúil féin, agus grúpaí beaga tuathghríosóireachta coitianta go leor ar fud na sochaí.
An Daonra
Roimh an Dara Cogadh Domhanda, bhí an Pholainn lán mionlaigh mhóra eitneacha, agus bruíonachas ar siúl go minic idir na mionlaigh agus na náisiúnaithe antoisceacha Polannacha. I ndiaidh an chogaidh, áfach, tá an Pholainn iontach aonchineálach ó thaobh an daonra de.
Is í an Pholainnis teanga oifigiúil na tíre, agus í ó dhúchas ag 96 % den 38 milliún duine atá ag cur fúthu sa tír. Is teanga Shlavach í an Pholainnis, agus is iad an tSeicis, an tSlóvaicis agus an tSorbais, teanga neamhfhorleathan a labhraítear in oirthear na Gearmáine, is gaolmhaire léi. An ceithre faoin gcéad eile, tá siad ag labhairt Úcráinis, Bílearúisis, Liotuáinis, Giúdais (teanga atá fréamhaithe ón tsean-Ghearmáinis), Gearmáinis nó Tatárais. Is Caitlicigh iad lucht labhartha na Polainnise de ghnáth. Bíonn creideamh mionlaigh éigin ag dul leis an teanga nó leis an dúchas mionlaigh go minic. Mar shampla, bíonn an creideamh Protastúnach ag baint leis an nGearmáinis. Na hÚcráinigh, arís, is dual dóibh urraim a thabhairt dá n-eaglais Chaitliceach Oirthearach, eaglais a chloíonn leis na deasghnátha Gréigeacha, cé go dtugann sí aitheantas don Phápa. Is Ceartchreidmhigh Oirthearacha iad na Bílearúisigh, agus na Tatáraigh ina Muslamaigh. I ndiaidh an ródaigh a rinne Uileloscadh na Naitsithe ar phobal mór millteanach na nGiúdach sa Pholainn, ní mhaireann ach dornán acu beo sa tír. Bíonn an Ghiúdais á labhairt ag an tseanghlúin, ach dealraíonn sé nach mbacann na Giúdaigh óga leis an teanga seo a thuilleadh.
I mblianta an Chumannachais, chuir dream réasúnta mór de dhídeanaithe Cumannacha ón nGréig fúthu sa Pholainn, agus iad ag iarraidh saol cultúrtha dá gcuid féin agus ina dteanga féin a choinneáil ag imeacht. De réir chosúlachta, áfach, ní raibh teacht aniar sa Ghréigis mar theanga mhionlaigh sa Pholainn, nó tá an teanga ag imeacht go tiubh téirimeach i measc shliocht sleachta na ndídeanaithe inniu, agus iad ag dul leis an bPolainnis agus le nósanna na bPolannach go breá sásta.
An Stair
Féach Stair na Polainne
Turasóireacht sa Pholainn
- [http://hometown.aol.de/Questius/Polska/Warszawa.htm Warsawpics]
- [http://hometown.aol.de/Questius/Polska/Krakow.htm Cracowpics]
- [http://www.travelphoto.pl/Polska/TP00036/TP00036.htm Gdanskpics]
- [http://www.ga.com.pl/wroclaw6.htm Wroclawpics]
- [http://www.poland-tourism.pl/i.asp?ld=PL&tf=PL&oi=PL00000000BI0421 Poznanpic]
- [http://www.travelphoto.pl/Polska/TP00174/TP00174.htm Szczecinpics]
- [http://www.travelphoto.pl/Polska/TP00312/TP00312.htm Bialystokpics]
- [http://www.ga.com.pl/tatry21.htm Tatra Mountains Pics]
- [http://www.ga.com.pl/mazury1.htm Masuria Pics]
- [http://www.travelphoto.pl/Polska/TP00251/TP00251.htm Baltic Sea Pics]
- [http://www.ga.com.pl/royalty2.htm pictures of Poland]
- [http://www.poczta-polska.pl/mw/index.html Lots of nice pics]
- [http://www.seepoland.pl panoramas]
- [http://webcam.deili.info/en,1,1 Polish Webcams]
- [http://www.pilot.pl/ eMap of Poland]
- [http://www.pot.gov.pl/ Tourist information portal]
- [http://www.poland-tourism.pl/ Tourist information]
- [http://www.polandtour.pl polandtour.pl]
- [http://www.polandtour.org polandtour.org]
- [http://www.lot.pl Flights to Poland]
- [http://www.centralwings.com Low cost flights to Poland]
- [http://www.poland.com/ poland.com]
- [http://www.willgoto.com/categories.aspx?Destination=353&Langue=1 Willgoto Poland, Travel guide and directory]
- [http://www.lodging-poland.com Polish hotels and travel guide]
- [http://en.zamki.pl/ Castels of Poland]
Radharcra
Image:Varsovie04-32.jpg|Vársá
Image:Warsaw modern buildings.jpg|Foirgnimh nua-aoiseacha i Vársá
Image:Wilanow palace.jpg|Pálás Wilanów i Vársá
Image:Warsaw palace.jpg|Vársá
Image:Warszawa Namiestnikowski.png|Vársá
Image:Warszawa Copernicus.png|Vársá
Image:Warsaw church.jpg|Vársá
Image:Warsaw church1.jpg|Vársá
Image:Krakow_Sukiennice.jpg|Hallaí tráchtála Sukiennice i gCracó
Image:Piazza_del_Mercato_di_Cracovia.JPG|Krakow
Image:Krakow-Wawel-Courtyard.jpg|Krakow
Image:Krakow-Wawel_cathedral.jpg|Krakow
Image:Kalplica wawel.jpg|Krakow
Image:Krakow nagrobek Kazimierza W.jpg|Krakow
Image:Krakau_PeteruPaul.jpg|Krakow
Image:Krakow_Boze_Cialo-2.jpg|Krakow
Image:Teatr Slowackiego.JPG|Krakow
Image:Gothic altar veit stoss.jpg|Krakow
Image:Pl-gdansk-neptun2004.jpg|Gdansk
Image:ZURAW-Gdansk 2004 ubt.jpeg|Gdansk
Image:Bazylika mariacka gdansk ubt.jpeg|Gdansk
Image:Gdansk Radhuset.jpg|Gdansk
Image:Oliwa kathedraal.jpg|Gdansk
Image:Wroclaw 1.jpg|Wroclaw
Image:Breslau-rathaus.jpg|Wroclaw
Image:Wroclaw-Katedra-3.jpg|Wroclaw
Image:Wroclaw-AulaLeopoldina4.jpg|Wroclaw
Image:Torun-Rynek-ratusz-2.jpg|Torun
Image:Torun-palac-dambskich.jpg|Torun
Image:Ratusz Poznan od Wielkiej.jpg|Poznan
Image:Poznan Fara 106-07.jpg|Poznan
Image:Lublin Archikatedra.jpg|Lublin
Image:Bydgoszcz Spichrze.jpg|Bydgoszcz
Image:Rogalin palac (1).jpg|Rogalin
Image:Pulawy palac czartoryskich.jpg|Pulawy
Image:Poland - Ksiaz castle.jpg|Ksiaz
Image:Zamek w Pszczynie003 kpjas.jpg|Pszczyna
Image:Jasna Góra 20050919.JPG|Czestochowa
Image:Kielce palace 2.jpg|Kielce
Image:Zamosc ratusz.jpg |Zamosc
Image:Poland Baranow - Castle.jpg|Baranow Sandomierski
Image:Kazimierz Dolny (kamienica pod sw Mikolajem i Krzysztofem) 01.jpg|Kazimierz Dolny
Image:Janowiec dziedziniec.jpg|Janowiec
Image:Nowy Wiśnicz.jpg|Nowy Wisnicz
Image:Ogrodzieniec.jpg|Ogrodzeniec
Image:Rzeszów zamek 2004b.jpg|Rzeszow
Image:Malbork zamek zblizenie.jpg|Malbork
Image:Poland Frombork - Cathedral Hill.jpg|Frombork
Image:Golub-Dobrzyn2.jpg|Golub-Dobrzyn
Image:Kwidzyn zamek.JPG|Kwidzyn
Image:Moszna zamek4.jpg|Moszna
Image:Tatry Panorama01xxx.jpg|Tatry
Pholainn, AnPholainn, An
ko:폴란드
ms:Poland
zh-min-nan:Polska
ja:ポーランド
simple:Poland
NaitsíBa é Naitsí an tainm a tugtar don pháirtí polaitiúil Pháirtí Náisiúnta Sóisialach Ghearmánais na hOibrithe (Nationalsozialistische Deutsche Arbeiterpartei, as Ghearmánais). Bhí na Naitsíthe i réim An Ghearmáin, i rith An Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí Adolf Hitler deachtóir an tír seo.
Catagóir:An Dara Cogadh Domhanda
An Ríocht Aontaithe
Is stát in iarthar na hEorpa agus san Aontas Eorpach í Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (go simplí – An Ríocht Aontaithe, nó fiú amhain go bhfuil siad mícheart – An Bhreatain Mhór agus An Bhreatain). Cruthaíodh í tar éis achtanna aontachta (Béarla: Acts of Union) agus anois, is iad Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag (Cymru) agus Tuaisceart Éireann ceithre chuid an stáit seo.
Ríocht Aontaithe, An
-
ja:イギリス
ko:영국
ms:United Kingdom
simple:United Kingdom
th:สหราชอาณาจักร
zh-min-nan:Liân-ha̍p Ông-kok
Stáit Aontaithe Mheiriceá
Is tír i Meiriceá Thuaidh iad Stáit Aontaithe Mheiriceá atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin.
Is é an tríú tír is mó maidir le hachar agus le daonra. As na caoga stáit sa tír, is Alasca é an stát is mó (maidir le hachar) agus is é California an stát leis an líon daoine is mó. Tá caoga stát inti:
- Alabama
- Alasca
- Arizona
- Arkansas
- California
- Carolina Theas
- Carolina Thuaidh
- Colorado
- Connecticut
- Dakota Theas
- Dakota Thuaidh
- Delaware
- Florida
- Georgia
- Habháí
- Idaho
- Illinois
- Indiana
- Iowa
- Kansas
- Kentucky
- Louisiana
- Maine
- Maryland
- Massachusetts
- Michigan
- Minnesota
- Mississippi
- Missouri
- Montana
- Nebraska
- Nevada
- New Hampshire
- New Jersey
- Nua-Eabhrac
- Nua-Mheicsiceo
- Ohio
- Oilean Rhode
- Oklahoma
- Oregon
- Pennsylvania
- Tennessee
- Texas
- Utah
- Vermont
- Virginia
- Virginia Thiar
- Washington
- Wisconsin
- Wyoming
Stair
Scoilt trí coilíneachtaí deag as an Ríocht Aontaithe agus chum siad na SAM tar eis Fógra Neamhspleáchais i 1776 agus an Cogadh Réabhlóideach Mheiriceá. I rith an naoú haois déag, chuaigh níos mó stáit leis, agus scar sé amach as Mheiriceá Thuaidh.
Tíreolaíocht
Is é na Stáit Aontaithe an tríú tír is-mó sa domhain. Éagsulaíonn an tírphictiúr go mór: colta measartha agus cnoic sa oirthear, Mangrove sa Florida, mánna mór sa lár na tíre. Is í Nua-Eabhrac an chathair is mó.
Teanga
Tá timpeall is 336 teanga á labhairt i SAM, (176 teanga dúchais). Níl aon teanga oifigiúil ag an rialtas feidearálach. Is é Béarla an teanga oifigiúil ag 27 stát agus d'uchtaigh Habháí, Louisiana, agus Nua-Mheicsiceo teanga oifigiúil eile - (Habháís, Fraincis agus Spáinnis faoi seach). Is é Spáinnis an teanga a labhraítear is mó tar éis an Béarla.
!Rang:Tíortha
ja:アメリカ合衆国
ko:미국
ms:Amerika Syarikat
simple:United States of America
th:สหรัฐอเมริกา
tokipona:ma Mewika
zh-min-nan:Bí-kok
An Rúis
Is tír san Eoraip agus san Áise í an Rúis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na Rúise). Is í an tír is mó sa domhan, le hachar 17,075,400 km², beagnach faoi dhó is mó ná an dara tír is mó, Ceanada. Is í an t-ochtú tír is mó maidir le daonra. Is í Moscó an phríomhchathair. Is é an Rúisís an teanga oifigiúil.
Bhí sí an tír cheannasach in Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha (APSS) agus ba mhaith lena a lán daoine a bheith chomh cumhachtach is a bhí sí san am sin.
Rúis
als:Russland
ja:ロシア
ko:러시아
ms:Russia
roa-rup:Rusii
simple:Russia
th:สหพันธรัฐรัสเซีย
zh-min-nan:Lō·-se-a
An EoraipIs ilchríoch í an Eoraip, leis na teorainn seo a leanas aici: an tAigéan Atlantach thiar, an tAigéan Artach ar an taobh thuaidh, an Úral agus Sléibhte na hÚraile thoir, Sléibhte na Cugaise agus an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir theas, agus an Mheánmhuir ó dheas. Agus an Áise á thógáil san áireamh freisin, is féidir an t-oll-ilchríoch an Eoráise a aithint.
an Eoráise
Tá cónaí ar 729,000,000 duine san Eorap, agus tá 44 tír neamhspleách ann. Ó mí Bealtaine 2004 ar aghaidh, tá 25 acusan cheana féin san Aontas Eorpach, agus ar a laghad trí gcinn ag brath ar dhul isteach i mbeagán blianta. Déanann institiúid an Aontais a ngnó i 20 teanga, ach tá go leor mionteangacha eile cheana féin san Aontas.
Ba san Eoraip a thosaigh cuid de mhórimpreachtaí an domhain. Leath cumhacht na Gréige, agus na Róimhe ina diaidh, ar fud cuid mhór den Eoraip, maraon le tuaisceart na hAfraice agus iarthar na hÁise. Ón gcéad aistear a rinne Criostóir Colambas chun an domhain nua don Spáinn, thóg an tír sin agus tíortha nach é seilbh de réir a chéile ar Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas. Thóg tíortha eile ar nós na Breataine, na Portaingéile, na nÍsiltír, na Gearmáine agus na Beilge seilbh freisin ar chuid mhór desna na mór-roinne eile. Leath an Rúis ó Mhoscú siar go dtí an Muir Bhailt, soir chomh fada leis an Aigéin Ciúin, agus ó dheas go dtí an Mhuir Dhubh, Sléibhte na Cugaise, agus an Mhongóil. Ní ach ag deireadh an 19ú aois ar aghaidh go dtí lár an 20ú aois a fuair mórán de choilíneachtaí na hEorpa a saoirse arís, cé go bhfuair cuid mhór de Thuaisceart Mheiriceá (Stáit Aontaithe Mheiriceá) a saoirse i 1775. Tá cumhacht airgeadach agus míleata ag an Eoraip i gcúrsaí an domhain, ach is beag é le hais chumhacht SAM nó, go dtí 1989, cumhacht an Aontais Shóibhéidigh. Ach le búnú an Chómhargaidh Eorpaigh, agus a chomharba an tAontas Eorpach, ceapann go leor go dtiocfaidh neart ghéilleagrach agus míleata arís chun na hEorpa, mar gur mó anois é a dhaonra ná daonra SAM nó an Aontais Shóibhéidigh mar a bhí, nó an Rúis an lae inniu.
Liosta tíortha Eorpacha
Is san Eoraip atá na tíortha seo leanas:
- An Albáin
- Andóra
- An Bheilg (ball den AE)
- An Bhealarúis
- An Bhoisnia-Heirseagaivéin
- An Bhulgáir
- An Chipir (ball den AE)
- An Chróit
- An Danmhairg (ball den AE)
- An Eastóin (ball den AE)
- An Eilvéis
- Éire (Poblacht) (ball den AE)
- An Fhionlainn (ball den AE)
- An Fhrainc (ball den AE)
- An Ghearmáin (ball den AE)
- An Ghréig (ball den AE)
- An Iodáil (ball den AE)
- An Iorua
- An Íoslainn
- An Ísiltír (ball den AE)
- An Laitvia (ball den AE)
- An Lichtinstéin
- An Liotuáin (ball den AE)
- Lucsamburg (ball den AE)
- Málta (ball den AE)
- An Mhacadóin
- An Mholdóiv
- Monacó
- An Ostair (ball den AE)
- An Pholainn (ball den AE)
- An Phortaingéil (ball den AE)
- An Ríocht Aontaithe (ball den AE)
- An Rómáin
- An Rúis
- San Mairíne
- An Spáinn (ball den AE)
- Poblacht na Seice (ball den AE)
- An tSeirbia agus Montainéagró
- An tSlóivéin (ball den AE)
- an tSlóvaic (ball den AE)
- An tSualainn (ball den AE)
- An Úcráin
- An Ungáir (ball den AE)
- An Vatacáin
Féach freisin ar
- Stair na hEorpa
- an tAontas Eorpach
Eoraip, An
als:Europa
ja:ヨーロッパ
ko:유럽
ms:Eropah
roa-rup:Evropa
simple:Europe
th:ทวีปยุโรป
zh-min-nan:Europa
Gearmáinis
Is í an Ghearmáinis teanga náisiúnta na Gearmáine agus na hOstaire. Ceann de na teangacha oifigiúla is ea í san Eilvéis, chomh maith leis an bhFraincis, an Iodáilis agus an Rómainis.
Rang:Teangacha
als:Deutsche Sprache
ja:ドイツ語
ko:독일어
ms:Bahasa Jerman
simple:German language
th:ภาษาเยอรมัน
1990
Eachtraí
-
Breitheanna
-
Básanna
-
Duaiseanna Nobel
Rang:Blianta
ms:1990
nb:1990
simple:1990
Beirlín
Is í Beirlín príomhchathair na Gearmáine agus an chathair is mó sa tír sin, a bhfuil 2,426,000 duine ina gcónaí inti (ó thús mí Eanáir 2005); is ísliú é sin ón 4.5 mhilliún duine a bhíodh sa chathair roimh an Dara Cogadh Domhanda. Is í an dara chathair is mó san Aontas Eorpach chomh maith, tar éis Londan. Ó 1949 go 1990, roinneadh an chathair i ndá chuid, Beirlín Thoir agus Beirlín Thiar.
Tá Beirlín suite ar na haibhneacha Spree agus Havel in oirthuaisceart na Gearmáine. Crioslaítear í leis an stát (Bundesland) Gearmánach Brandenburg, agus is stát ar leith í.
Rang:Cathracha
ja:ベルリン
ko:베를린
simple:Berlin
th:เบอร์ลิน
Gerhard Schröder
Is é Gerhard Fritz Kurt Schröder (7 Aibreán 1944 a rugadh é) an seachtú seansailéir cónascach ar an nGearmán. Tháinig sé i gcomharba ar Helmut Kohl i 1998. Is ball den Páirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine é.
Schröder, Gerhard
Schröder, Gerhard
ja:ゲアハルト・シュレーダー
simple:Gerhard Schröder
th:แกร์ฮาร์ด ชโรเดอร์
2005
Is gnáthbhliain an bhliain 2005
- Bliain Shíneach (9 Feabhra): Coileach (雞)
Tarluithe
Eanáir
-
Feabhra
-
Márta
-
Aibreán
- 19 Aibreán - Toghadh Joseph Alois Ratzinger ina phápa, thóg sé an t-ainm Beinidict XVI.
Bealtaine
-
Meitheamh
-
Iúil
- 2 Iúil - Live 8, sraith ceolchoirmí
Lúnasa
- Scriosann hairicín Katrina cathair New Orleans i Louisiana, SAM.
Meán Fómhair
- Bua ag Corcaigh i gcluiche ceannais iomána na hÉireann i gcoinne na Gaillimhe agus bua ag Tír Eoghain i gcluiche ceannais peile na hÉireann i gcoinne Ciarraí.
Básanna
Márta
- 21 Márta - Pól Ó Foighil, polaiteoir (r. 1928)
Aibreán
- 2 Aibreán - Pápa Eoin Pól II 84 (r. 1920)
Deireadh Fómhair
- 22 Deireadh Fómhair - Liam Lawlor, polaiteoir (r. 1945)
Samhain
- 25 Samhain - George Best, peileadóir sacair (r. 1946)
Rang:Blianta
als:2005
ja:2005年
ko:2005년
ms:2005
simple:2005
th:พ.ศ. 2548
zh-min-nan:2005 nî Wikipedian vanhin artikkeli#REDIrect Kaskinen
gambling online casinos jastrzbia gra pensjonat Odszkodowanie nauka
|
|
|
|