Home About us Products Services Contact us Bookmark
:: wikimiki.org ::
An Ostair

An Ostair

Poblacht i lár na hEorpa í an Ostair. Tá teorannacha aici leis an nGearmáin, leis an bPoblacht Seiceach, leis an tSlóvaic, leis an Ungáir, leis an tSlóivéin, leis an Iodáil, agus leis an Eilvéis. Bhí daoine ina gcónaí i gceantar na Danóibe timpeall 80,000 bliain ó shin, ach níor tháinig aon fhorbairt ar stát ar bith sa cheantar go dtí gur ghabh na Rómhánaigh seilbh air timpeall aimsir Chríosta. Cúige ar theorainn impireacht Charlemagne a bhí san Ostair go luath sna meánaoiseanna, go dtí gur tháinig na Magyar, nó na hUngáirigh sa deichiú haois. Tháinig rítheaghlach Babenberg chun cinn agus bunaíodh stát lena phríomhchathair i Vín i 1116. Ba chuid d'impireacht naofa na Róimhe (impireacht Gearmánach i ndáiríre) í an Ostair as sin go ceann blianta fada. D'athraigh na hOstaraigh a ndílseacht ar feadh tamaill go rithe na Bóithéime agus de réir a chéile tháinig rítheaghlach nua i dtreis, ceann de na teaghlaigh ba chumhachtaí a bhí riamh san Eoraip, na Hapsburg. Bhí siad ina rithe ar an Ostair agus ar an Bhóithéim agus tháinig tailte eile timpeall ar an Ostair, agus i bhfad i gcéin (ríocht na Spáinne agus a tailte thar lear san áireamh) ina seilbh. Bhí iomaíocht ghéar idir í féin agus Impireacht Ottomach na Tuirce agus rinne na Turcaigh léigear ar Vín in 1529 agus i 1683. Bhí an Ostair ar cheann de mhórchumhachtaí na hEorpa go dtí gur cloíodh í sa Chéad Chogadh Domhanda, fiú tar éis do Napóilean an tír a ghabháil, agus a príomhchathair Vín (Wien) ar cheann de na cathracha ba thaibhsí sa domhan. D'éirigh leis na hOstaraigh an bua a fháil ar Napóilean i gcúpla cath, agus bhí lámh ag an gCunta Metternich, Seansailéir na hOstaire, i leagan amach teorainneacha na hEorpa in 1815. Bhí tréimhse fada síochána sa tír ansin go dtí gur dúnmharaíodh oidhre na ríochta, an tArd-diúc Franz Ferdinand i Sarajevo ar an 28 Meitheamh 1914, eachtra a chuir tús leis an Chéad Chogadh Domhanda. Chaill an Ostair a forlámhas ar fhormhór a himpireacht agus bunaíodh poblacht i 1918, ach níor mhair a neamhspleáchas i bhfad. Ghabh Adolf Hitler, Ostarach ó dhúchas, a tháinig i gceannas ar an Ghearmáin, seilbh ar an tír i 1936 agus ba mar chuid den Reich Gearmánach a ghlac sí páirt sa Chéad Chogadh Domhanda. Leagadh síos na teorannacha atá anois aici tar éis don Aontacht Shóivéideach í a ghabháil i 1945. Rinneadh ceithre chuid den tír, ach tugadh a neamhspleáchas di nuair a scríobhadh bunreacht nua a chinntigh neodracht na tíre agus bhí sí neamhspleách arís. Le cabhair ó Phlean Marshall tháinig forbairt mhear eacnamaíoch ar an tír tar éis an Dara Chogaidh Domhanda. Is ball iomlán den Aontas Eorpach ó 1995 i leith í. Ostair, An als:Österreich ja:オーストリア ko:오스트리아 ms:Austria simple:Austria th:ประเทศออสเตรีย zh-min-nan:Tang-kok

An Eoraip

Is ilchríoch í an Eoraip, leis na teorainn seo a leanas aici: an tAigéan Atlantach thiar, an tAigéan Artach ar an taobh thuaidh, an Úral agus Sléibhte na hÚraile thoir, Sléibhte na Cugaise agus an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir theas, agus an Mheánmhuir ó dheas. Agus an Áise á thógáil san áireamh freisin, is féidir an t-oll-ilchríoch an Eoráise a aithint. an Eoráise Tá cónaí ar 729,000,000 duine san Eorap, agus tá 44 tír neamhspleách ann. Ó mí Bealtaine 2004 ar aghaidh, tá 25 acusan cheana féin san Aontas Eorpach, agus ar a laghad trí gcinn ag brath ar dhul isteach i mbeagán blianta. Déanann institiúid an Aontais a ngnó i 20 teanga, ach tá go leor mionteangacha eile cheana féin san Aontas. Ba san Eoraip a thosaigh cuid de mhórimpreachtaí an domhain. Leath cumhacht na Gréige, agus na Róimhe ina diaidh, ar fud cuid mhór den Eoraip, maraon le tuaisceart na hAfraice agus iarthar na hÁise. Ón gcéad aistear a rinne Criostóir Colambas chun an domhain nua don Spáinn, thóg an tír sin agus tíortha nach é seilbh de réir a chéile ar Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas. Thóg tíortha eile ar nós na Breataine, na Portaingéile, na nÍsiltír, na Gearmáine agus na Beilge seilbh freisin ar chuid mhór desna na mór-roinne eile. Leath an Rúis ó Mhoscú siar go dtí an Muir Bhailt, soir chomh fada leis an Aigéin Ciúin, agus ó dheas go dtí an Mhuir Dhubh, Sléibhte na Cugaise, agus an Mhongóil. Ní ach ag deireadh an 19ú aois ar aghaidh go dtí lár an 20ú aois a fuair mórán de choilíneachtaí na hEorpa a saoirse arís, cé go bhfuair cuid mhór de Thuaisceart Mheiriceá (Stáit Aontaithe Mheiriceá) a saoirse i 1775. Tá cumhacht airgeadach agus míleata ag an Eoraip i gcúrsaí an domhain, ach is beag é le hais chumhacht SAM nó, go dtí 1989, cumhacht an Aontais Shóibhéidigh. Ach le búnú an Chómhargaidh Eorpaigh, agus a chomharba an tAontas Eorpach, ceapann go leor go dtiocfaidh neart ghéilleagrach agus míleata arís chun na hEorpa, mar gur mó anois é a dhaonra ná daonra SAM nó an Aontais Shóibhéidigh mar a bhí, nó an Rúis an lae inniu.

Liosta tíortha Eorpacha

Is san Eoraip atá na tíortha seo leanas:
- An Albáin
- Andóra
- An Bheilg (ball den AE)
- An Bhealarúis
- An Bhoisnia-Heirseagaivéin
- An Bhulgáir
- An Chipir (ball den AE)
- An Chróit
- An Danmhairg (ball den AE)
- An Eastóin (ball den AE)
- An Eilvéis
- Éire (Poblacht) (ball den AE)
- An Fhionlainn (ball den AE)
- An Fhrainc (ball den AE)
- An Ghearmáin (ball den AE)
- An Ghréig (ball den AE)
- An Iodáil (ball den AE)
- An Iorua
- An Íoslainn
- An Ísiltír (ball den AE)
- An Laitvia (ball den AE)
- An Lichtinstéin
- An Liotuáin (ball den AE)
- Lucsamburg (ball den AE)
- Málta (ball den AE)
- An Mhacadóin
- An Mholdóiv
- Monacó
- An Ostair (ball den AE)
- An Pholainn (ball den AE)
- An Phortaingéil (ball den AE)
- An Ríocht Aontaithe (ball den AE)
- An Rómáin
- An Rúis
- San Mairíne
- An Spáinn (ball den AE)
- Poblacht na Seice (ball den AE)
- An tSeirbia agus Montainéagró
- An tSlóivéin (ball den AE)
- an tSlóvaic (ball den AE)
- An tSualainn (ball den AE)
- An Úcráin
- An Ungáir (ball den AE)
- An Vatacáin

Féach freisin ar


- Stair na hEorpa
- an tAontas Eorpach Eoraip, An als:Europa ja:ヨーロッパ ko:유럽 ms:Eropah roa-rup:Evropa simple:Europe th:ทวีปยุโรป zh-min-nan:Europa

An Phoblacht Sheiceach

#athsheoladh an tSeic

An Eilvéis

Is tír beag suite in iarthar na hEorpa í an Eilvéis. Tá teorannacha aici leis an Ostair, le Lichtinstéin, leis an bhFrainc, an Iodáil, agus leis an nGearmáin.

Teangacha

Tá ceithre theanga oifigiúl na hEilvéise: Fraincis agus Gearmáinis, an Iodáilis agus an Rómáinsis. Maidir leis an gcineál Gearmáinise a labhraítear san Eilvéis, is canúint neamhionann go leor leis an caighdeán oifigiúla na Ard-Ghearmáinise é Gearmáinis na hEilvéise, agus dtugtar Alemannisch air.

Tíreolaiocht

Is tír shléibhe í an Eilvéis. Tá sléibhte cáiliúla go leor ansin—na Sléibhte Alpa, mar shampla, agus an Matterhorn.

Neodrachas

Cé go bhfuil an Eilvéis i lár na hEorpa idir tíortha a raibh cogaidh go leor ar siúl acu le linn na 19ú agus 20ú céad, bíonn beart eachtrach neodrachas docht ag an tír le tamaill fáda ó shín. Le linn an Dara Cogadh Domhanda, mar shampla, cé go labhraítear Gearmáinis ansin agus go mbionn teorainn leis an Ostair, an nGearmáin agus an Iodáil (agus go raibh ina tíortha na hÁise iad) ann, ní raibh an Eilvéis rannpháirteach an chogaidh. Mar sin, ní glacann an Eilvéis páirt san Aontas Eorpach; agus ní hé amhain, ach níor páirti iomlánach an Náisiúnta Aontaithe í go dtí 2002. Áfach, mar sin féin é an traidisiúin neodrachas na hEilvéise, ar 5 Meitheamh, 2005, vóta an muintir Eilvéiseannaigh acquis Schengen a glacann leis. Eilvéis, An als:Schweiz ja:スイス ko:스위스 ms:Switzerland simple:Switzerland th:ประเทศสวิตเซอร์แลนด์ zh-min-nan:Sūi-se

Íosa Críost

Is é Íosa an duine is lárnaí sa Chríostaíocht, agus tugtar Íosa Críost air sa gcomhthéacs sin (ón Eabhrais יהושע [Yĕhošūa‘] agus an Sean-Ghréigis Χριστός [Christos]). Tugtar Íosa Nasair nó Íosa Nasarthach air freisin. Creideann na Críostaithe gur duine beo sa stair a bhí ann, agus é ina bheatha ó timpeall 64 RC go dtí tuairim AD 2933 (creideann móran den lucht léinn tuata gur duine stáiriúil a bhí ann, ach ní chreideann gach duine acu é). Creideann na Críostaithe chomh maith, de réir na fianaise sna ceithre soiscéil ar iad na céad leabhair i dTiomna Nua an Bhíobla, gurb é Íosa an Meisias agus Mac Dé. I reiligiún Ioslamachas, ní creidtear gurb é Dia, ach fáidh tábhactach.

Saol agus teagasc de réir an Tiomna Nua

Rugadh Íosa i mBeitheal do chlann Giúdach – ba í Muire (maighdean) a mháthair, a bhí ag maireachtáil le hIósaf. De réir go leor eaglaisí Críostaíocha, níorbh é Iósaf a athair, ach gineadh Íosa le cumhacht an Spioraid Naoimh D'fhás sé suas i Nasair i nGalailí. Nuair a tháinig sé in aois fir, thosaigh sé ag obair mar chearpantóir le hIósaf. Nuair a eirí sé triocha bliain d'aois, chuaigh sé ag teagasc go poiblí. Bhí míorúiltí curtha i gcrích freisin aige, de réir na soiscéil atá inniu againn. Nuair a tháinig méadú ar lucht leanúna Íosa, tháinig níos mó cur ina choinne i measc phobal agus ceannairí na nGiúdach. Cuireadh eiriceacht ina leith, agus thosaigh ceannairí na nGiúdach ar cur ina choinne níos láidre. Chuir na Farasaigh a gcuid gearáin faoi bhráid Iorua Mór, agus ar deireadh thug Iorua, an rí Giúdach a bhí faoi smacht na hImpreachta Rómhánaigh, cead é a chur faoi thrial. Ar deireadh, daoradh chun báis é, agus crochadh é ar chrois tar éis dó an chrois a iompar go Cnoc Chalbhaire, in aois a 33 bliana. Tá sé measta go raibh thart ar 3,000 lucht leanúna aige nuair a fuair sé bás. Iosa Criost Iosa Criost ko:예수 그리스도 ms:Yesus Kristus ja:イエス・キリスト simple:Jesus th:เยซู คริสต์ zh-cn:耶穌基督 zh-tw:耶穌基督

Vín

Is í Vín príomhchathair na hOstaire agus an chathair is mó inti. Ba mhó a tábhacht nuair ab ann a bhí ceannláthair Impreachta na hOstaire agus na hUngáire. Is ar an Donau nó as Béarla an Danube atá sí suite. Tá an-cháil uirthe mar gheall ar a cuid pálás ársa, an ceol a cumadh inti agus a sheinntear go fóill, agus na saothair ealaíne eile ón stair. Ba i Vín, freisin, a thosaigh an sícanailísis, faoi stiúr Sigmund Freud. Rang:Cathracha ja:ウィーン ko:빈 simple:Vienna

Adolf Hitler

Ba é Adolf Hitler (20 Aibreán 188930 Aibreán 1945) ceannaire na Gearmáine idir 1933 agus a bhás i 1945. Bhí sé mar cheannaire nuair a d'fhógair an Ghearmáin cogadh ar an Phólainn, rud a chuir tús leis an Dara Cogadh Domhanda, a raibh de thoradh air tubaiste a réimis féin. I ndiaidh teacht i gcumhacht dó, chuir sé an Acht Cumasaigh i bhfeidhm, a thug cead dó rialú trí forógra. Faoina cheannais, chúngaigh sé saoirsí na saoránach agus chuaigh sé i mbun géarleanúna ar a naimhde polaitíochta, go háirithe na Cumannaigh. D'achtaigh sé reachtanna ciníocha agus chuir sé an 'Freagra Deireanach' i bhfeidhm agus é mar aidhm aige an mhuintir Ghiúdach trí chéile a scrios. Chuir sé lámh ina bhás féin i 1945, agus Berlin ar tí titim roimh ionsaí na hAirme Deirge. Roimh a bhás, phós sé Eva Braun.

Saol

Rugadh Adolf Hitler i Bhraunau Am Inn na hOstaire i 1889. Ba é Adolf an ceathrú de sheisear páistí a bhí ag Alois Hitler agus a bhean chéile Klara Pölzl. Fuair ceathrar de na páistí eile bás nuair a bhí siad óg. Níl sé cinnte cérbh é a sheanathair fíor ar thaobh a athar, agus dúradh níos déanaí go raibh sinsear Giúdach aige, ach níl sé sin cinnte in aon chor. Bhí suim ag Adolf óg san ealaíon, agus chuaigh sé go dtí Vín chun an péinteáil a staidéar. Ach níor mheas an Acadamh Ealaíon go raibh aon seans aige, agus dhiúltaigh siad a iarratas faoi dhó. I 1909, bhí air cur faoi i bhfoscadh gan-dídean. Deirtear gur thosaigh a smaointe frith-Ghiúdachas i Vín ag an am seo. I 1913, fuair Hitler airgead ó oidhreacht a athair, agus chuaigh sé go Munich na Gearmáine. I 1914, chuaigh an Ghearmáin isteach sa Cheád Chogadh Domhanda, agus liostálaigh sé san airm i mBavaria. D'ainneoin a dhrochshláinte, bhuaigh Hitler dhá bhoinn.

Páirtí na Naitsíthe

Bhuail Hitler le Dietrick Eckart, an fear a bhunaigh Páirtí Sóisialach Náisiúnach na nOibrithe i 1919. In Iúil 1921, thosaigh Hitler ag obair mar Führer nó ceannaire na Naitsíthe. Cuireadh i bpríosún é in Aibreán 1924, tar éis an Hitler Putsch, agus scríobh sé a leabhar Mein Kampf ("Mo Choimhlint") i bPríosún Landsberg. Tar éis 1929, bhí an Ghearmáin i ngéarchéim geilleagrach agus polaitíochta. Bhain Hitler leas as sin, agus chuir sé an locht ar Chonradh Versailles agus ar na Giúdaigh a "sháigh an Ghearmáin sa dhroim". Ba cheannaire láidir é Hitler, in am crua, agus bhí torthái maith ag na Naitsíthe sna toghcháin. Dódh an Reichstag an 27 Feabhra 1933, agus chuir Hitler an locht ar na Cumannaigh. Leis an Acht Cumasaith, fuair sé cumhachtaí deachtóra. Cuireadh cosc ar gach páirtí eile. Chun smacht a choiméad ar dhaoine agus ar an chóras pholaitiúil, bhí dhá ghrúpa paraimíleatach ag Hitler - an SA agus SS.

Smachtú

Leis an Gestapo agus an SS, thosaigh Hitler ag ionsaigh na gCummanach agus na nGíudach. Trí Dlíthe Nuremberg 1935, chaill na Giúdaigh an tsaoránacht Ghearmánach. Agus i 1938, shocraigh Hitler agus Joseph Goebbels Kristallnacht, oíche ionsaithe ar shiopaí agus ar theampaill Ghiúdacha. Tar éis sin, thosaigh siad an Freagra Deireanach, agus fuair tuairim is sé mhilliún Giúdach bás san Uileloscadh.

An Dara Cogadh Domhanda

Thosaigh Hitler ag sárú rialacha Chonradh Versailles, ceann ina dhiadh an chinn eile. Chuir sé aerfórsa mór nua le chéile, an Luftwaffe, agus bhí sé níos láidre den chuid is mó de na tíortha eile. Bhí sé ag dréim le Lebensraum, "spás maireachtála" nua don Ghearmán, agus chuaigh sé isteach i comhaontas le deachtóir faisisteach eile, Benito Mussolini na hIodáile. Chomh maith leis An Iodáil, chuaigh An tSeapáin, An Ungáir, An Rómáin agus An Bhulgáir san Axis freisin. I Márta 1939, d'aontaigh Hitler An Ostair, a thír dhúchais, leis an Ghearmáin. Tar éis sin, rinne sé ionradh ar an Pholainn. Thosaigh An Dara Cogadh Domhanda leis sin. An bhliain in dhiaidh, thóg Hitler An Danmhairg, An Iorua, An Fhrainc, Lucsamburg agus An Bheilg. Bhí an Bhreatain Mhór níos deacra, agus chaill Hitler Cath na Breataine i 1940. I Meitheamh 1941, thosaigh Hitler a ionsaí ar an Rúis, ar thug sé Operation Barbarossa air.

Briseadh agus bás

Theip ar Operation Barbarossa, agus ag an am chéanna tháinig Stáit Aontaithe Mheiriceá isteach sa chogadh ar thaobh na Breataine agus na Fraince. Chaill Ernst Rommell Cath El Alamein, agus thosaigh an Airm Dearg ag teacht trasna na hEorpa. Le naimhde ar gach taobh, bhí a fhios ag Hitler go raibh an cogadh thart. Phós sé Eva Braun an 29 Aibreán 1945, agus chuir an bheirt lámh ina mbás féin an 30 Aibreán, 1945. Catagóir:An Dara Cogadh Domhanda Rang:Daoine Rang:Stair ja:アドルフ・ヒトラー ko:아돌프 히틀러 ms:Adolf Hitler simple:Adolf Hitler th:อดอล์ฟ ฮิตเลอร์

An Aontas Eorpach

Is eagraíocht idirnáisiúnta de stáit san Eoraip é an tAontas Eorpach (AE). Thosaigh sé mar an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach le 6 bhall, agus ina dhiaidh sin lean na hainmneacha Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, "an Comhmhargadh" (neamhoifigiúil), agus Comhphobal Eorpach a chéile go dtí gur tugadh an "Aontas Eorpach" ar an aontas ar deireadh. Tá daonra timpeal is 457 milliún agie (2005). Is é Aontaithe d'ainneoin na héagsúlachta a mhana. Tá cúig thír is fiche san Aontas Eorpach. I mí na Bealtaine 2004, tháinig deich dtír bhreise isteach leis na cúig cinn déag a bhí ann roimhe sin. Tá 12 des na tíortha a bhí ann go dtí sin cheana féin i gcríoch an eoró, agus ceaptar go dtiocfaidh an chuid is mó des na nua-bhaill isteach chomh luath agus is féidir leo.

Stair

I 1952, bhunaigh an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach. D'éirigh sé sin an Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (níos déanaí, an Comhphobal Eorpach). An Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe a thiocfaidh chun bheith ina chomhalta i 1973. Tháinig an Ghréig isteach i 1980 agus an Spáinn agus an Phortaingéil i 1981. Thosaigh an tAontas Eorpach é féin i 1993. Chuaigh an Fhionlainn, an Ostair agus an tSualann sna ballstáit i 1995. Tháinig an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Phoblacht Sheiceach, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Ungáir isteach i 2004. Sa bhliain 2004, shéan cinn stáit an Aontais Bunreacht na hEorpa ach caithfidh sé a daingnigh le na ballstáit.

Na ballstáit

Is íad na ballstáit faoi lathair ná: críoch an eoró
- An Bheilg
- An Chipir
- An Danmhairg
- An Eastóin
- Éire
- An Fhionlainn
- An Fhrainc
- An Ghearmáin
- An Ghréig
- An Iodáil
- An Ísiltír
- An Laitvia
- An Liotuáin
- Lucsamburg
- Málta
- An Ostair
- An Phoblacht Sheiceach
- An Pholainn
- An Phortaingéil
- An Ríocht Aontaithe
- An tSlóivéin
- An tSlóvaic
- An Spáinn
- An tSualainn
- An Ungáir

Méadú

Sa bhliain 2007, beidh an Rómáin agus An Bhulgáir ina mball, má chomhlíonann siad roinnt riachtanachtaí eacnamaíochta. Tá an Chróit agus an Tuirc ag cur isteach ar bhallraíocht freisin. Tá iarratas na Cróite á chur ar gcúl faoi láthair. Tá a lán ball den Aontas ag cur in aghaidh teacht isteach na Tuirce san AE.

Naisc sheachtracha


- [http://euabc.com EUABC]
- [http://euobserver.com EUobserver] (i mBéarla) Aontas Eorpach ja:欧州連合 ko:유럽 연합 ms:Kesatuan Eropah simple:European Union th:สหภาพยุโรป zh-min-nan:Europa Liân-bêng

1995

Eachtraí


-

Breitheanna


-

Básanna


-

Duaiseanna Nobel

Rang:Blianta ms:1995 nb:1995 simple:1995

Floretoj

EdE-F Floretoj. Porinfanaj rakontoj, trad. de la Vendreda Klubo en Winschoten. I931, 64 p. "Ok fabeloj, arte ilustritaj, diklitera, klara preso, modela aranĝo". (Butin, HDE, 1931, n-ro 14)

Sklep Zoologiczny narty francja Pozycjonowanie odywki gry strategiczne










































:: RELATED NEWS ::

X Prize Cup competition
The X Prize Cup is an annual competition, hosted in New Mexico, in which private, piloted spacecraft will compete for prizes. The first X Prize Cup will be held in October 2005. The X Prize Cup is designed to spur the development of cheaper, safer, and more capable private space vehicles, as well as increase public interest in space tourism. The X Prize Foundation, which created the X Prize Cup,


Dogyears
Dog years refer to a popular myth that household pets—specifically dogs and cats—age seven years for each human year. For example, a dog of age 9 would be said to be "63 in dog years". In technical terms, this is not correct: Most household pets do not age in any linear correspondence with human aging. Dogs and cats age much more quickly in their early life than in their later life relative to humans. For example, t
All Rights Reserved 2005 wikimiki.org